AN tOIREACHTUS.
Deir Séamus Ó Cathasaigh linn a chur i
n-umhail do scríbhneóiríbh Gaedhilge gur
mithid dóibh bheith ag brostughadh ortha féin
anois, má's mian leó rud fóghanta a
dhéanamh san Oireachtus. Tá breis scríbh-
neóirí againn anois thar mar bhí tá roinnt
bhliadhanta ó shoin ann, agus badh chóir go
mbeadh feabhas dá réir ar sholáthar an
Oireachtais. Tá súil againn go mbeidh
iarracht éigin ó gach léightheóir den IRIS-
LEABHAR. Tá mí chuige fós agus do
b'fhéidir mórán a dhéanamh san ré sin.
Cuimhnighidh go ngabhann buadh na hÉireann
leis an Oireachtus, agus gur fiú é iarracht
a dhéánamh n-a chóir.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11