CLODHANNA NUA.
Nuair a bhír ag ceannach leabhar go bhfuil trácht
air annso, ná dearmhad gan ainm an Irisleabhair
do luadh. Déanfaidh soin maitheas dúinn.
Is dóigh liom gurab í an uimhir dheireannach d'ÉRIU
an ceann is fearr agus is tábhachtaighe dar cuireadh
amach go dtí so. Mara ndéanfadh Scoil na Sean-
Ghaedhilge d'fheidhm acht an tIrisleabhar so a choimeád
ar siubhal do b'fhiú dhúinn an uile chongnamh is an
uile mholadh a thabhairt dóibh ar a shon. Acht tá níos
mó 'ná soin á dhéanamh aca. Is gearr go mbeidh fuir-
eann de scolairíbh fromhtha foirbhthe aca — dream a
bheidh tuilte dhen tseana-léigheann agus oilte ar
sheann-dálaibh na Gaedhilge. Tá duine dhe sna scol-
áiríbh seo san nGearmáin fé láthair, agus é ar a
dhicheall ag foghluim il-cheárd agus ealadhan. Clois-
far uaidh sin fós. Tá duine eile aca i Sasana, agus
ní baoghal ná go n-aireóghfar fol-ghíocs uaidh sin leis.
Tá daoine óga ag teacht n-a ndiaidh súd, agus i
gcionn tamall, le congnamh Dé, beidh againn annso
i nÉirinn fuireann de scoláiríbh toghtha ná maithfidh
ás don duine is oilte ar domhan i gcruadh-dhálaibh
teangan na nGaedheal. Do Chuno Meidhir is do Sheán
Strachán is cóir buidheachus na nidhthe seo. Is iad do
mhachtnaimh iad. Is iad do cheap an chóir. Is ortha a
thuit duadh na hoibre. Is beag slighe a b'fhearr chun
ár mbuidheachus a chur i ngníomh 'ná ÉRIU a cheannach.
Agus is fiú an leabhar féin a bhfuil aca á iarraidh
air. .i. deich scillinge i n-aghaidh na bliadhna. San
uimhir seo tá “An Tenga Bhith-nua” fá eagar ag an
Steócusach. Is dóigh leis an Steócusach gur sean-
epistil aislinge é do scríobh Pilib Aspol; gur
cailleadh é ins na sean-teangtaibh, acht go bhfuil ar
fagháil fós san nGaedhilg. Rud ana-bhreagh is eadh é.
Tá dán fá eagar ag an mBestach ann: “A reilec
laech Leithe Cuinn.” Tá áireimhthe san dán so ríghthe
Leithe Chuinn atá curtha i gCluain Mhic Nóis. Chuir
Séamus Ó Caoimh fá eagar ann “Cáin Domhnaigh” nó
“Reacht an Domhnaigh,” eipistil a thug Conall mac
Coelmaine ón Róimh go hÉirinn san mbliadhain 886,
do réir Annálach Uladh. Tá “Cath Bóinne” fá eagar
ann ó Ióseph a Néill; “Riagul Chiaráin” agus
“Riagul na Manach Liath” ag an Strachánach; giota
Sean-Ghaedhilge ó Osborn Ó hAimhirghin; agus mar
sin dóibh.
Is féidir ÉRIU d'fhagháil ó Scoil na Sean-Ghaedh-
ilge, 33 Sráid Dáson, nó ó Hodges, Figgis, i mBaile
Átha Cliath; nó ó David Nutt, 57-59 Long Acre, i
Lunndain. Tá súil againn go mbeidh árd-cheannach
ar an uimhir seo.
Chuir Dáibhí Nutt ag triall orainn leabhar breagh
toirteamhail; timcheall trí céad leathanach ann; é
fá pháipéar bhreagh is fá chló sciamhdha. THE PLACE-
NAMES OF ARGYLL, by H. Cameron Gillies,
M.D.: with a short preface from His Grace the Duke
of Argyll. Tá breis suim á chur i nDinnseanchus na
hÉireann le déidheannaighe, go háirthe ó tháinig
Post-sheanchus chugainn. Ní haon díoghbháil é sin, mar
is mór an congnamh chun ár gcion ar thír ár ndúth-
chuis a mhéadughadh, eólus a chur uirthi. Ba mhaith linn
leabhar dhen tsórd so a theacht i gcló i gcóir gach
conntae nó gach dúthaigh fé leith i nÉirinn. Is ion-
gantach an méid eoluis atá cnósta ag an ndochtúir
léigheanta fá chlúdach an leabhair seo, agus aon
duine a chuireann suim i ndinnseanchus na nGaedheal
ní mór dó é bheith aige. Siad na Gaedhil is mó go
bhfanann a rian ar chlár ainmneach Airir-Ghaidheal,
acht is fuirist a aithint go raibh an Lochlanach fá réim
ann sealad. Do chuidigh an London Argyllshire As-
sociation leis an ughdar; agus go deimhinis mór an
chreideamhaint dóibh araon an leabhar so. A sé agus
réal glan, a fhiacha.
Fé dheireadh is fé dheóidh tá AN CRUINNEOLAIDHE
againn. Is fada bhí sé ar an mbóthar chughainn, acht
do b'fhiú rud maith feitheamh air tamall. Ní'l de
locht againn air acht a mhí-oireamhnaighe atá an ainm
a tugadh air. Ní'l aon amhrus orainn ná go bhfuil an
leabhar lán d'eólus cruinn. Tá eólus cruinn air a
lán nidhthe ag ár mbráthair Seaghán. Acht ní d'eólus
cruinn a cuireadh “An Cruinneolaidhe” ar an leabhar
so. Leabhairín ana-thaithneamhach is eadh é. Ní hion-
gnadh linn é bheith amhlaidh, agus gur tháinig ó láimh
mháighistir foirbhthe chliste amhail Sheaghán Mac an
Bháird. Is fada atá an t-eólus so aige á mhuineadh i
n-a scoil féin, agus samhluigheann sé dhúinn-na gur
mhaith an earradh í le múineadh do scoláiríbh scoile
na Gaedhealtachta. Réal glan a fhiacha.
Is annamh a mholaimíd dár léightheoiríbh aon leabhar
Béarla mara mbeadh tagairt aige go díreach don
nGaedhilg. Acht ba mhaith linn go léighfadh gach duine
dhár léigtheóiríbh TOM O'KELLY seo Dháibhí Uí
Mhodhráin. Éinne go bhfuil eólus bunadhasach aige ar
an saoghal san tuaith i nÉirinn, is minic a sceart-
far air, ar léigheamh an leabhair seo dho. Tá a lán
den tseóinínteacht is den éirighe i n-áirde is den
chaitheamh úd i ndiaidh na huaisle imthighthe as an dtír
le déidheannaighe. Tá níos mó ná aon chóip amháin
den IRISLEABHAR á dhíol age bean na bpáipéir i
mBallytown, nó i mBaile an Bhaile seo! Agus cá
bhfios ná go bhfuil craobh beó bríoghmhar de Chonnradh
na Gaedhilge san “mbaile Teann” céadna? Tá
cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh!
Leabhar pingne eile a Scéaluidheacht Chúige Mumhan
is eadh AN FIOLAR FEALLTACH, a chuir Connradh na
Gaedhilge amach an lá fá dheireadh. An Laoideach a
chuir an t-ath-chló so fá eagar is do shocruigh foclóir
len' ais.
Tá súil againn go bhfuil léightheóirí uile an IRIS-
LEABHAIR ag léigheamh na n-aistí seo Eoin Mhic Néill
atá ag teacht fá chló san New Ireland Review. Sid iad
na ceachta ar Stair na hÉireann atá aige á múin-
eadh san Árd-scoil Chaitlicidhe. Tá brígh agus fuinn-
eamh leó, agus tá a dheallramh ortha go gcuarduightar a
lán roimh é, d'fhonn iomláine agus cirt an scéil a
thabhairt go baileach.
Clódhanna ar láimh.
Eachtra an Ghiolla Dheacair.
Sgéalaidhe Oirghiall.
Scáthán na bhFíréan.
IRISLEABHAR NA GAEDILGE.
Badh mhaith leis an bhFear Eagair giotaí agus rudaí
oireamhnach d'fhagháil ó sna daoinibh a léigheann an
tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná
tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn, agus leig-
fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAR é. Ar
scáit a chéile mhairid na daoine.
Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndícheall a
dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirti breis cheannach
ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil
ar leath-tuistiún anois, agus badh chóir do gach Gaedh-
ilgeoir é cheannach agus cion Gaedhil a dhéanamh ar a
shon.
…
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11