Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Bearta Cruadha.



41. Seanfhocail (Eanair, 1906). 607. “tuile ádhtha
air.” Ba chóir tuile átha a rádh, .i. tuile 'san áth
roimhe, dul a bhaile dhó.



609. Tá sé chomh cam le púirín ádhtha (átha). Aith
coirce is ciall don fhocal so. Is sé an púirthín an
fiodán (nó an píob) a theitheas siar ón teine, faoi an
urlár a mbidheann an coirce sgartha air 'gha thriom-
ughadh. Bidheann sé fada, cam go minic ar fhaitchíos
lasadh.



634. B'fhiú iad deoch a bhogadh dhóibh. 'Sé sin, deoch
a théaghadh. B'ionann bog & luke-warm linne, agus
sílim gurab é seo an chiall atá leis.



600. (Mí na Nodlag). “Tosach coille & deireadh
móna.” Sílim go bhfuil sé seo bun os cionn mar
gurbh é an chaoi do chualas é fad ó:— “Deireadh
coille tosach móin.” Bhí baramhail ag na sean
daoine go mba é leagadh na gcoillte ba húghdar leis
na portaighe 's na móinteáin, mar gheall ar an méid
adhmaid a bhíodh fútha, agus b'fhéidir go raibh go leór
de'n cheart aca.



S. Ua R.



An ceart a rádh gur “thóigeamar síos” amhráin?
Chím go ndeireann Muinntir Uí Mháille a leithéid
seo i n-a leabhar nuadh. Cheapas gur ionann “tóg”
agus “tóg suas.”



Cen Fis.



SEAN-FHOCAIL.



42. Cruinniughadh Thomáis Uí hEidhin.



13. Ag iarraidh olna ar ghabhar & adhbhras ar phocán.



16. Ar lorg a mhadra agus gan fios a dhath aige.



20. An té go mbíonn an rath ar maidin air, bíonn
sé air tráthnóna. An té go mbíonn a' rath air
féin, bíonn sé ar a chuid gabáiste.



21. An rud a théidheann i bhfad, théidheann sé i
bhfuaire.



24. Tá mo chíos díolta agus díon ar mo thigh.



29. An rud a bheathuigheann duine 'sé mharbhuigheann
duine.



32. An luibh ná fachtar is í fhóireann.



49. Buail an ceann, acht seachainn an mhuineál (mar
mhagadh).



65. Báisteach ó Dhia chugainn, acht gan a bheith fliuch;
Agus cuid a' lae mbáirigh go ndéanfidh sé anocht
(no andiu).



111. Is geal leis an bhfiach dubh a geárrcach féin.



175. Dearmhad a' chléirigh ar a chlog.



180. Tart deire 'n óil agus brón deire 'n ghrádha.



201. Tháinig a chúil-fhiacla chuige.



221. Ólann an rí fuigheallach an chait.



222. An fhaid a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch ag
rinnceadh.



27. Gach dhalta mar oiltear,
Agus an lacha ar an uisge.



233. Glac a bhfuighir is díol a bhféadfir.



239.,240. Go méaduighidh Dia bainne 's a mháithreacha
dhuit.



246. Go mairir é is go gcaithir é.



248. Tabharthaistidhe Bhriain 's a dhá shúil na ndiaidh.



256. Is mó an taidhbhse 'ná an tairbhe.



259. Is fearr cara (nó focal) sa chúirt 'ná púnt sa
sparán.



262. Is glas iad na cnuic a bhfad uainn. Má's glas
iad, ní féarmhar.



265. Is giorra dhuine cabhair Dé 'ná an doras.



270. Is fearr suidhe i n-aice 'ná suidhe i n-inead.



273. Is mó (iomdha) lá beidh tú ar thaobh a' teampaill,
is ná hiarrfadh do dhranndal biadh.



280. Is mairg a cailltear i n-am an anfhaidh (anaithe)
Is go dtagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.



281. Is mór an nídh anródh na marcuigheachta.



282. Is milis á ól é, is searbh á dhíol é.



294. Ní lugha í an fhrigh 'ná máthair an uilc.



315. Pé duine ólfaidh é
Domhnall a dhíolfaidh as.



358. Is báidheamhail iad lucht éin-chinidh.



373. Lá Chonchubhair dhá chaoirigh.



428. Ní fiú an trioblóid an tairbhe.



443. Ná déan nós is ná bris nós.



456. Ní cheileann meisge rún.



464. Ní théidheann doineann thar Domhnach ná rabharta
thar Céadaoin'.



545. Súil le breith lomann an cearrbhach.



562. Is dóigh le fear na buile gurab é féin fear na
céille.



596. Teine chonaigh is móna nó teine mhona is chonaigh.



600. Tosach coille nó deire féithe.



601. Tuigim acht ní léighim,
Acht tuigeann fear léighinn leath-fhocal.



604. Is dall é súil i gcúl dhuine eile.



616. Ualach mhic leisge beireadh leis nó fágadh.



621. Beatha duine a thoil.



622. Ar mhaitheamh leis féin a dheineann an cat
crónán.



624. An rud a bhailighthear go bocht.
Imthigheann sé go holc.



634. B'fhiú iad deoch a bhogadh dhóibh.



BEIRT FHEAR.



43. MOLADH BEIRTE.



Is fada sgéal “faoi rádh” agus “tráth 's gur” á
chur tré na chéile agaibh. Ní miste moladh beirte a
dhéanamh ar an gceist anois. Ceapaim féin gurab é
RÁDH is bun leis. Chuala i gcomhnuidhe “and to say


L. 110


that” mar Bhéarla ar “tráth 's gur,” acht n'fhéadfainn
a dhéanamh amach i gceart cannos mar do tháinig sé
mar seo, chun go bhfeaca cad dubhradar ins na cúig-
eachaibh eile — “faoi rádh” agus “ráidht.” Ó shin a
leith bhíos lán-tsásta gurab é “rádh” bun-phréamh an
chor-chainte.



BEIRT FHEAR.



44. CLANN LIR, t. 17 agus 57.
“An drong chumachtach so rómchar.”
“This powerful tribe which has loved us.”
How would
“This powerful tribe now before us”
answer? Could rómchar be rómhainn?



BEIRT FHEAR.



45. Fuaramair na giotaí seo ó Thomás Ó hEidhin. Tá
sé ag tagairt do sna sean-fhocail a bhí i gcló againn
uaidh féin:—



316. Is mairg a dhuadh cuid an tsolais. Cuid an
tsolais, what would buy the light. It
would be a pity to eat this.



326. Is mairg an té, &rl. Is mairg do'n té.



330. I gan fhios. I ngan fhios a d'airigh mise.



405. Maoidhe na mugaill fallamha. Maoidheamh na
mogaill follamha. Mogaill follamha, blind
nuts.



423. Brabach, something over or beyond what is re-
quired for the place.



530. Pósadh Domhnaigh bíonn sé brónach. Pósadh
Domhnach, &rl., a d'airigh mise. Tagann Domhnach
agus brónach le chéile.



607. 'Sead, tuilleadh ádhtha, more luck is eadh é.



627. Bhí gealladh aca ar a chéile, they were engaged.



117. “Paidir shamsán” a sgríobhas, sílim.



TOMÁS Ó hEIDHIN.





Ceathrar gaige gan bheith cabach,
Ceathrach gaithleann gan dúil i suiridhe,
Ceathrar gaige gan dúil i mbeadaidheacht,
Sin dáréag ná fuil san tír.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services