Chuir sé iongantas mór orm duine ar bith dhá cheapadh
gur "is" atá sa rádh úd "teach sagamsa." Nach
bhfuil sé chómh follasach do Ghaedhilgeóir ar bith agus tá an
ghrian sa spéar gur "teach so agam-sa" atá ann? Tá
sean-taithighe againn ar fad ar "Sheaghan seo againn-
ne" agus "Peadar seo agaibh-se" - "Seaghan se'áinne"
agus "Peadar seagaidh-se" adeirtear i gConnamara.
Má tá féin nach n-abrann neach "an teach seo agam-sa,"
ní fhágann sin nach "seo" an fhocal atá idir "teach"
agus "agamsa". Cá bhfuil an t-airteagal ins an rádh
eile, má's Gaedhilg ar aon chuma é, 'sé sin "teach is
agamsa?" Nach n-airigheann an domhan mór "Seaghan
seo" agus "Máire seo" i mbéal gach duine gach aon lá
de'n bhliadhain? Nach mór atá míorbhuilte ag teasdáil
ó chuid againn le ráidhte Gaedhilge mhíniughadh! Acht
cé an sórt Gaedhilge "capall siad-san."
Fear Cois Cuain
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11