Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Und so Weiter.

Title
Und so Weiter.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Laoide, Seosamh
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

“UND SO WEITER!”



I.



A Aimhirgínigh uasail oilte,
Mór an moladh thugais dúinn!
Cé do thogair triall an fhásaigh,
Obair dhian nár sháruigh súil?



II.



Súil má thugair ar ár saothar,
Iomdha dearmad díleas ann!
Fada dhúinn gan chosg ár bhfíocha -
Cara i bhfos is tríocha thall!



III.



Thall ó taoi sa tír úd uainne,
Adhbha léighinn léir na suadh,
Tuaraisg dúinn, an buime balbháin
Fuarais uime, an Almáin fhuar?


L. 57


IV.



Fuar, 's gan uaidh acht “und so weiter”,
Sgéala an té do sgríobh sa tráth!
Dar ár mbosaibh, breis badh luaidhte —
Cosmhail leis gur fuaire an fáth!



V.



Fáth ár gceisnimh feabhas aiste
Nach raibh ann acht rann amháin,
Cosg air sin roimh theacht na tuile, —
Rosg nár cheart do dhuine dáin!



VI.



Dán má chuirir feasta chugainn,
Sníomh do shainnte leis badh chóir;
Saoilim stuaic ar chách san abar,
Uait má sgaoilir glagar glóir!



VII.



Glór do chinn ní ceart a cheilt
Ar dhream nach dual dóibh ingheilt:
Ár spéis duit ód dhúthaigh dáin,
Séis thar mhúrthaibh Mhanannáin.



VIII.



A Mhanannáin na mbárc is leabhair líomhtha,
Chum carad dáin thar sáile cas mo sgríbh-
inn
San Almáin ó thráigh go Bearolínum,
'N-a cathair árd ó thárla an t-Aimhirgíneach.



TAGRA.



I. Oilte .i. cliste, deagth-mhúinte, múinte. Tá dhá
bhrígh leis an gcomhad: Cá bhfuil an té do dhéanfadh
taisteal tré dhíthreibh go deontach, agus nach radharc
breagh taitneamhach do bheadh le feicsint aige de
dhruim an tsiubhail go léir; agus fós, cá bhfuil an
té do gheobhadh sult i léigheadh an leabhair, agus gan
ann acht clár fada áit-ainmneacha, agus, dá mhéad
spéis againn san obair, go bhfuiltear anois ag aim-
siughadh tuathal ann?



II. Dearmad díleas .i. dearmad nach sgarfadh
linn go cló. Gan chosg ár bhfíocha .i. gan neart
dúinn ár ndúil sa cheart do shásamh, mar badh chóir.
Cara (duine muinteardha) .i. dearmad nó tuathal sa
leabhar.



III. Adhbha .i. árus, áit chomhnuidhthe. Uime .i. dá
dheasgaibh, dá dhruim, toisg bheith ar cuairt ann.



IV. Fuar: “sgéala” is ainmneach dó so. Dar ár
mbosaibh .i. dar mo lámh, dhom' bhasaibh. Breis .i.
tuilleadh. Luaidhte .i. ionaithriste. Cosmhail leis
.i. tá a rian (shliocht) soin air.



V. Rann amháin .i. aon rann amháin. rosg .i.
aiste.



VI. Sníomh do shainnte leis .i. dícheallughadh, dí-
cheall do dhéanamh air. Saoilim .i. tá súil agam,
ceapaim. Stuaic [do bheith] ar chách .i. go mbeadh na
daoine eile go bréan díobh féin agus iad i n-earraid
leis. San abar .i. agus rása na n-asal aca 'n-a
dhiaidh. Glagar .i. drud nó smid, bíodh ciall leis nó
nach bíodh.



VII. Glór do chinn .i. nochtadh a chuid smaointe. Ar
dhream nach dual dóibh ingheilt .i. ar an gcineadh
daonna — cead aige gan a chuid smaointe do nochtadh
do na beithidheachaibh éigciallda, má's maith leis.
Cmh. veluti pecora quae natura, &rl., ag an Rómhánach
úd Sallustius. Duit .i. “chugat” annso nó dhá thabh-
airt duit. Ód dhúthaigh dáin .i. ó'n tír 'n-ar fhoghluim
sé é. Séis .i. an dán atá anois dá dhéanamh. Thar
mhúrthaibh Mhanannáin .i. thar tonntaibh na fairrge, dá
cur thar lear chuige. Cmh. “Ins na múrthaibh Mara
Minn” i Laoidh Chonlaoich. Manannán .i. dia na
fairrge ag sean-Ghaedhealaibh.



VIII. Na mbárc .i. na long. Cas mo scríbhinn .i.
cuir scéala uaim. San Almáin .i. san nGearmáin.
Bearolínum ó'n Laidin Berolinum, i nua-Ghréigis
… Beirlín, árdchathair na hAlmáine. 'N-a
cathair áird: dhá bhrígh leis .i. 'n-a cathair chlúmhail nó
'na hárdchathair: Casadh filidheachta 'seadh an dara
brígh nach ceart a chur i gcaint sgurtha i n-éan-chor,
mar deirtear i gcotchinne “árd-mheas” .i. meas
mór, acht “cnoc árd” .i. cnoc i bhfad 's i bhfad os
cionn na muighe nó an ísleáin (ísleacht). Deir an
ríogh-sgoláire úd Tomás Ó Fannghaile go gcuir-
tear gach éan-tsadhas gáitsí i bhfilidheacht. Is fíor
dó: féach ár ngáitsí féin anois!



S.L.



Dhá leabhár bheaga i nGaedhilg Chúige Uladh is eadh
AN UISEOG agus MION-CHAINT NA MIDHE AGUS
ULADH. Dornán d'amhránaibh ó Chúige Uladh is eadh An
Uiseog; Donnchadh Ó Searcaigh a bhailigh iad. Beidh
glaodhach ar an leabhairín seo i gCúige Uladh. Tá a
ceathair déag ann de sna hamhránaibh is coitcheannta
i measc muinntir na cúige sin. Leabhar pingne is
eadh é. Leabhairín ar nós leabhar Cainnte an Dubh-
allaigh is eadh Mion-chaint na Midhe agus Uladh; beidh
sé n-a áise i scoileannaibh na cúige sin. Leath-réal
a fhiacha. Munntir Chonnradh na Gaedhilge a chuir an
dá leabhar so amach.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services