Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - IX.

Title
Seán Ó Gadhra, File - IX.
Author(s)
Ní fios, Ó Gadhra, Seán
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÁN Ó GADHRA, FILE —IX.



II.



Seo dán do cheap Seán ar bhás an Athar
Tomás Ó Gadhra, bráthair d'Ord San
Doiminic. Is é seo an chéad rud eile de
dheantús Sheáin i leabhar ár gcarad, Ruaidhrí
Mac Diarmada. Gheobhthar é ar leathanach
49 den leabhar úd. Níor bhuail sé umain i
n-éan-áit eile. Seo mar ghabhann teideal
Ruaidhrí: “Do Thomás Ó Gadhra Bráthair
S. Doiminic tren bfigúir I. ROMA.” Ní
fhéadaim a dhéanamh amach cadé an bhrígh atá
leis an leath deiridh den abairt.



Do cailleadh an Bráthair uasal oirdhearc
so san mbliadhain 1717, agus do réir mar
adeir Seán ag tagairt dó, ní fuláir nó
d'oibrigh sé go dian dicheallach duthrachtach
ar son crábhaidhis deagh-nós san aimsir úd
na géarleanamhna is na gcam-dhlighthe.



Deir an file “gur thuit a chodladh” “i
lár na Búille, bhí lán.” Cialluigheann súd
gur bádhadh i n-abhainn na Búille é. Ba
mhaith linn dearbhughadh an scéil seo d'fhagháil.
Níor bh'éin-iongnadh linn amh, dá mbeadh an
scéal amhlaidh, mar ba chruaidh an saoghal a
bhíodh ag sagairt is ag bráithribh an uair úd.
Bhídís ar a gcoimeád ó cheann ceann na
bliadhna. Bhí a fhios aca go maith cad do bhí
n-a gcóir dá mbéarfadh an tsloigisc
iasachta ortha. Cá bhfios nach de bhárr
feillbhirte “do thuit a chodladh” an bráthair
uasal so “i lár na Búille”.



Ógláchus ar Dheibhidhe is eadhan dán so,
acht iarracht an-fhóghanta. Gheibhmíd léic
san Amus is san Uaithne annso is annsúd
ann. Ní ceart soin a bheith amhlaidh san
gComhad go háirithe .i. an trímhadh líne is an
ceathramhadh líne de gach rann.



MÓR URRAIM AN ÓIRD.



Mór urraim an Óird Chrábhaidh
fa Bhanbha an fhuinn fhuaránaigh;


L. 41


iomdha cré faoi chánuidh dháibh,
ó ré Phádruig an phríomh-fháidh.



Ó Dhoire Choluim Cille
go Life Dúin Duibh-linne;
ó Phort Láirge go cuan Céise,
's go fairrge bhruach Bhuidhréise.



Ní díth cruidh ná easbhaidh óir
do chuir ar gcúl bhar gcanóin,
acht reacht na ríghthe dá n-órd
dhíbir tar lear ar leath-bhórd.



Níor ghlac ionnlach ná glór Gall,
do sheas go cruaidh an comhlann,
Tomás Ó Gradhra gan locht,
sólás cabhra do Chonnocht.



Ó Shliabh Dhamh go Mullach Mór
's go Corrshliabh na gcrann gcomh-
mhór,
Bheir trátha go Caiseal Chéin
bráthair na n-astear neamh-réidh.



Ola, pósadh is páiste,
scuab ó shagart paráiste,
níor thaisidh sin suas n-a stór,
caithidh gan cruas i gcomh-ól.



Tréghnus, omhan, fuacht na rann,
siubhal saothrach na bhfearann,
na trátha nuaidhe agus nóin,
uaire crábhaidh is canóin.



Chuir sé Seón Easbhuil ar gcúl,
's a shluagh sidhthe as a n-iargcúl;
chabhradh na tréda bhí tinn
Sanctus érach an aifrinn.



I lár na Búille bhí lán
thuit a chodladh go comhlán;
fuair géire a ghuidhe go grinn
n-a luighe ar ghéga an ghrinnill.



Míle agus seacht gcéd go cruinn,
seacht mbliadhna dég gan doghruinn,
do chéim go léir gur luaidh sinn;
acht béidh do dhuain go dílinn.



Uaisle is suarcus Chloinne Chéin
tá thríbh-se is oineach aidhbhéil;
gan baoghal smúite fa stór,
acht saoghal lúthmhar lán-mhór.
M-ó-r



Sé Tomás Ó Gádhra nár fhág an tír
gan raer,
Scothán an chrábhaidh chuir cnámh is brígh
sa chléir,
N-a bhunnán ó an áit go háit i mbíodh
a thréd
Dhá dtiomáin gach lá go hárus Ríogh na
gcréacht.



GLUAIS.



De dhéantús Sheáin, of Seán's composition.
gheobhthar, fut. auton., it will be found.
Níor bhuail umam, I have not met it.
Mar ghabhann, how (it) goes.
Teideal, title(of the poem).
leis an leath deiridh, with the latter half of the
phrase.
Do cailleadh, “was lost,” died.
ag tagairt dó, referring to him.
dícheallach, duthrachtach, earnestly and zealously.
Crábhadh, devotion, religion.
Géarleanamhaint, -amhna, persecution.
Cialluigheann súd, that signifies.
Dearbhughadh, certainty, proof.
Níor b'éin-iongnadh linn amh, “it would not be any
wonder with us, however;” we should not be a bit
surprised.
Ar a gcoimheád, on their “keep.”
Cad do bhí n-a gcóir, what was in store for them,
or, waiting for them.
An tsloighisc iasachta, the foreign rabble.
De bhárr feillbhirte, by a treacherous act.
léic, a break, falling away.
Comhad: the firt two lines of a stanza in dán
díreach are called “ann seóladh,” the last two “an
comhad.”
Line 1. Mór urraim, great was the homage. The
verb is not expressed. Órd crábhaidh, a religious
order, the priesthood.
L.3 Faoi chánuidh, under tribute; cré, here means
“land,” “territory.”


L. 42


L.4. Ré Phádruig, the time of St. Patrick. Note
that amus between “cánuidh” and “Phádruig” is not
full, as the comhardadh of “n” with “dr” is “briste”
or broken.
L.7. Cuan Céise, harbour of Kesh. There are
many places of this name, but I do not know which
of them is referred to here.
L.8. Bhruaich Bhuidhréise, of the brink of Burris.
Can3 this be Burris Umhaill, Co. Mayo? Bruaidh in
MS.
L.9. Díth cruidh, “want of cattle,” want of means.
L.10. Bhar gcanóin, your “canon,” law.
L.11. Dá n-órd, smiting them(?).
L.12. Ar leath-bhórd, one of two props.
L.13 Ionnlach, s.m., complaint, accusation, blame.
O'R. Glór Gall, voice, speech of foreigners.
L.14. An comhlann, the fight, battle.
L.16. Sólás cabhra, “comfort(er) of help.”
L.17. Sliabh Dhamh, Ox Mts., Co. Sligo.
L.18. Corrshliabh, Curlew Mts. near Boyle.
L.19. Bheir trátha, he pays visits.
L.20. Bráthair is nom. to bheir in L.19. Aistear
neamh-réidh, an uneven or rough journey. He seems
to have travelled much as a missionary Father. We
must remember that he belonged to the Dominican
Order.
L.21. Ola, pósadh is páiste, the Sacraments of
Extreme Unction, Matrimony, and Baptism respec-
tively.
L.22. Scuab, which he earned, received.
L.23. Níor thaisidh, he did not hoard.
L.24. Caithidh, “he spends” for he spent. Comh-ól,
in company.
L.25. Tréghnus, abstinence; fuacht na rann. eold
of the heavenly bodies, i.e., of the night.
L.26. Trátha nuaidhe, fresh (canonical) hours,
Nuidheé, in MS. This stanza enumerates his suffer-
ings during his long journeys. The uaim and amus
are a good deal broken up in it.
L.28. Uaire crábhaidh, hours of devotion; canóin
“of law,” explaining, preaching.
L.29. Beó Easbhuil; probably for Seán Carsbhuil,
Bishop Carswell. The latter corrects the uaim.
L.30. Sidhthe (?), soaithe (?), suidhte.
L.31. Chabhradh, he used help.
L.32. Sanctus, the holy one, nom. to chabhradh.
Érach, self-denying.
L.34. a chodladh, for do chodladh, a-sleep. go comh-
lán, equally, fully.
L.35. Géire, shapness, bitterness; go grinn,
pleasantly.
L.36. Géaga an ghrinnill, the branches (parts) of
the bottom of the river.
L.38. Gan doghruinn, fearlessly.
L.39. Céim, step, span of life; luaidh sinn, we have
mentioned.
L.40. Go dílinn, for ever.
L.41. Suarcus, suairceas, good humour, jollity.
L.42. Oineach aidhbhéil, wondrous hospitality.
L.43. Fa stór, with regard to wealth.
L.45. Raer, darkness.
L.46. Scothán, dim. of scoth, a flower.
L.47. bunnán, buinneán, an energetic person.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services