Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocail. IV.

Title
Sean-fhocail. IV.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 19


I gcosaibh con bhíos a cuid
Deirim riot a dhuine ghlic
Sean-fhocal is é fíor
Ní gnáth siubhal síor seirc.



SEANFHOCAIL.



IV.



TOMÁS Ó hEIDHIN DO BHAILIGH.



428. Ní fiú an tairbhe an trioblóid.



429. Ná bí cruaidh agus ná bí bog.



430. Níor tháinic grádh mór ariamh nach
dtiocfadh fuacht n-a dhiaidh.



431. Ní hé an t-amadán é acht an té
thabharfadh air é.



432. Ní lá aonaigh gach uile lá. Nuair
bhíos féasta beag ag na daoinibh bhíos ag
baile lá aonaigh, deirthear mar seo.



433. Nuair is cruaidh don chailleach caith-
eann sí rith.



434. Ní theidheann teas thar fiuchaidh.
Níor tháinic olc ariamh i dtír nár
bh'fheárrde duine éicint é.



435. Ní'l aon chuid súl innti. 'Sé sin le
rádh, ní'l sí deas.



437. Ní liathaí tír 'ná nós.



438. Ní liathaí cor ar an ngealaigh 'ná
cor ar a aigne.



439. Nuair is mó do dheabhadh is mó do
mhoill.



440. Ní leis na mnáibh móra ar fad a
bhaintear an Foghmhar. — Rádh Inide.



441. Ní itheann na madraidhe allta a
chéile.



442. Ní'l fhios agam maran déirc a
dheireadh dhóibh, agus máiseadh féin is breagh
aerach an obair í.



443. Ná tóg geas agus ná bris geas.
“Ná tóig deas agus ná bris deas,”
d'airigheas annso. B'fhéidir gurab é an
ceart é.



444. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.



445. Ní fearr scéal 'ná scéal eile.



446. Ní ón ngaoith do thug sé é.



447. Ná bí ag cainnt as na cosa fhaid is
bhéas an ceann le fagháil. Nó, ná bí ag


L. 20


cainnt leis na cosaibh fhad is tá an ceann le
fagháil.



448. Níor bh'fhearr an cat 'ná an
t-aireachas.



449. N'íl aon neart ar an mbuaidhreamh
acht éirighe thuas air.



450. Ní hé an teach do bheith breagh
bhruitheas na fataí. Rádh Inide.



451. Nuair nach bhfuilmíd ag saothrughadh
bímís ag caitheamh.



452. Ní mall an mhaith aon uair.



453. Ní fearr a thúis 'ná a dheireadh.



454. N'íl dlighe ag riachtanas.



455. Ní i dtóin an mhála acht i mbéal an
mhála is cóir tigheas a dhéanamh.



456. Nuair bhíos an t-ól istigh bíonn an
chiall amuigh.



457. Ní fhághann an mhinic onóir.



458. Ní hionann dul don mbaile mór is
teacht as.



459. Níor tháinic gorta as triomacht.



460. Ní náire an bhochtaineacht.



461. Níor shuill i n-aisce dhó iad. Níor
bh'eadh mar fuair sé cuid mhaith droch-úsáide
dá mbárr.



462. Ní'l ag an gcat acht dearmad na
mban. Atá an méid sin ceapaithe dhó.



463. Ní'l acht bheith ag seasamh ar
mhaide lobhtha bheith ag seasamh air. Adéar-
faidhe le duine nach mbeadh aon tseasamh
air, nó leis an aimsir chomh maith.



464. Ní théidheann stoirim thar Dhomhnach.



465. Ní fhághann cos n-a comhnuidhe dada.



466. Ní bheathuigheann na briathra na
bráithre féin.



467. Níl fhios ag duine cia aca is fearr
a tapa nó mall.



468. Níor dúin Dia beárna ariamh nár
oscail sé ceann eile.



469. Ní thugann an bás aon spás uaidh.



470. Ní ghlacann an bás breab.



471. Ní féidir leat d'arán a ithe agus é
bheith agat.



472. Nuair bhíos an bolg lán is maith leis
an gcnámh síneadh fhagháil.



473. Ní rún é ó tá fhios ag triúr é.



474. Ní rud é nach ndéanann gach éinne.
Adéarfaidhe le rud an-choitcheann.



475. Ní hionann dul don mbaile mór
agus a fhágaint.



476. Ní le duine féin a bhfeiceann sé.
Adéarfaidhe go minic nuair do cheapfaidhe
go mbéadh rud fá dhraoidheacht. Nílim aga
rádh ná fuil ciall eile ag an sean-rádh so
chomh maith, acht is mar so déanadh úsáid de
nuair d'airigheas féin é.



477. Ní bheidh ann acht scéal naoi lá.



478. Ná leig do rún le claidhe.



479. Ní dhéanann duine rud maith ró-mhinic.



480. Níl tairnge ar bith nach mbíonn
géar. D'airigheas so ráidhte le mnaoi
éigin.



481. Níor chum Dia béal ariamh nár chum
sé rud le n-ithe dhó.



482. Caithfidh an préachán féin rud le
n-ithe fhagháil.



483. Ní féidir céird do chaitheamh.
Deirthear gur fearr céird ioná airgead
óir is fuirist an t-airgead do chaitheamh
acht ní féidir an chéird do chaitheamh.



484. Ní íocann fiacha fiacha eile.



485. Níl áit ar bith is fusa bréag a chur
ar dhuine 'ná ós comhair a dhá shúl.



486. Nuair chruaidheas an tslat is
deacair í shníomh.



487. Ní fhághann duine a mhúnadh i n-aisce.



488. Neart ghearáin Phádraig ionnat.



489. Ní bhíonn caonach ar chloich reatha.



490. Ní bheidh aon chat ann acht cat a
mhaireóbhas luch.



491. Níor tháinic grádh mór nach dtiocfadh
fuath n-a dhiaidh.


L. 21


492. “Níl aon mhaith dhá mhoill,” arsan
fear do bhí ag baint na móna faoi Fhéil
Mhichíl, deireadh na bliadhna. Ní raibh aon
mhoill le déanamh aige, acht an mhóin do
chaitheamh suas.



493. Níor thug sé maide dhá lascann dhó.
Ní raibh beann ar bith aige air.



494. Níor tháinic gorta as triomacht.



495. Níl aon tuile nach dtrághann acht
tuile na ngrást.



496. Nuair bhíos Éire i bpáirt bíonn a
leath ar lár.



[Ní críoch.]



Gluais.



431. “He is not the fool, but the person who would
call him so.”



432. “Not every day is a fair day.”



433. don chailleach for don chailligh.



434. Thar fiuchaidh, beyond boiling (-point).



435. “Nothing bad ever happened in a district but
somebody was the better for it.”



436. Cuid súl, i.e., what the eyes can take in at a
given portion of time.



437. For “ní lia tír 'ná nós.” Ní lia, it is not
more numerous. Comp. minicí, comparative form of
minic.



438. Cor ar an ngealaigh, changes in the moon.



439. “When your haste is greatest your delay is
greatest.” “The more hurry, the less speed.”



440. Also “ní hiad na fir bhreághtha a bhaineann an
fóghmhar.”



441. “Wolves do not eat each other.”



442. Maran déirc, “if begging be not the end of it
for them.” The Munst. form is, “Is breagh an saoghal
agat é, maran déirc a dheireadh dhuit,” to which the
answer is, “Máiseadh féin, is aerach an obair í.”



443. Geas, a prohibition, spell. In deas we have
another example of the interchange of g and d.
Comp. greas, dreas, &c.



445. “One story is not better than another,” let us
have another.



446. He did not put himself much about providing
it.



447. This appears already in a slightly different
form.



448. It was well guarded.



449. Éirighe thuas air, to overcome it, bruise it
down.



450. Bhruitheas, “which boils the potatoes.”



451. “When we are not providing let us be
spending.”



455. “It is not in the bottom of the bag that one
may do the “housekeeping,” but at its mouth. Put
the best of the article in the mouth of the bag. Also
“i mbéal an mhála is eadh bhonn an bhainistighe” .i.,
management.



457. “(He who comes) often is not honoured,”
made much of.



459. Triomacht, dryness, a dry season.



461. Suill i n-aisce, fat for nothing. Dá mbárr,
on account of them.



462. Dearmad na mban, the forgetfulness of the
women, what the women neglect. Ceapaithe dhó, in-
tended for it.



463. Bheith ag seasamh, standing on a rotten stick;
leaning or depending on.



465. Cos n-a comhnuidhe, a foot which stirs not.



466. Ní bheathuigheann na briathra, words do not sup-
port.



467. Probably for an tapa nó an mall, the quick
or the slow.



468. Níor dhúin … nár oscail, “He did not
close up … but he opened.” Cean eile, an
other of the same class. Also “Níor dhún Dia beárna
riamh nár oscail sé fuinneóg.”



469. Aon spás, any respite.



470. Breab, a bribe.



472. Is maith leis an gcnámh, the bone wishes to get
a stretch. In the Munster version of this proverb the
last word is omitted.



474. The effect of the two negatives here is very
fine.



475. Also “Ní hionann dul don mbaile mór agus
teacht as.”



476. A bhfeiceann sé, all that he sees.



480. Tairnge, a nail. Ráidhte le mnaoi éigin, said
to some woman.



481. Níor chum Dia, God did not fashion.



483. Do chaitheamh, to spend. Deirthear gur fearr
it is said that a trade is better than money.



485. Is fusa, it is more easy. Os comhair a dhá shúl,
“opposite his two eyes,” before his face.



486. “When the twig hardens, it is difficult to spin
(twist) it.”



487. A mhúnadh i n-aisce, his teaching gratis.



488. Gearán Phádraig, Patrick's garron, a wish.



489. A rolling stone gathers no moss.



490. Also “Cad do dhéanfadh mac an chait acht luch
a mharbhadh.



492. “There's no good in delaying it.” Do chaith-
eamh suas, “to throw up,” to give up.



493. Maide dhá lascann, a stick with two lashes.



494. “Famine never came from drought.”



496. A leath ar lár, half of it down (conquered).
The old proverb, “Éire i bpáirt Éire ar lár.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services