Giollabrighde Ó Catháin do scríobh.
Sgríbhinne Muimhneacha do b'eadh an dá cheann
d'fhoillsigheadh cheana; acht san leabhar ar a dtugaid
lucht na leabharlainne Add. 3085 tá scríbhinn Ultach
do scríobh "Maitiú Magill" sa mbliadhain 1740
(-1831), 'n-a bhfuil roinnt d'amhránaibh Pheadair Uí
Dhoirnín, Phádraig Mhic Allionduin, Airt Mhic Chubh-
aigh, agus daoine eile. Níl sa leabhar acht duodecimo
beag, agus fá chumhdac mhaith leathair. San dara cuid de
tá Laoithe Fiannuigheachta agus eile do sgríobhadh A.D.
1744. Níl an scríbhneóracht ná an litriughadh gan
locht.
Leathanach I. - Pilib Minisdeoir do chum. Tá an
chéad thaobh chomh dubh soin tré droch-usáid gur
dheacair é léigheamh. Chomh fhada agus a chím-se is
"Is béasach … ród
Aindir an corann scaoilte"
is line tosaigh don amhrán.
Leathanach 3. - "Fáilte dhuit ar an loch." Pilib
Ó Bradaigh ro chan. 3r. Deir nóta ó láimh an scríbh-
neóra gur cuireadh i gcló an dán so "an naomhadh lá
do Gheinir, 1832."
Leathanch 5, 6. - Dán eile do chum an fear céadna.
Is dócha gur i lár an dáin tosnuighthear annso, agus go
bhfuil cúig ranna nó mar sin ar iarraidh. 10 r.
"'Sé d'fhulaing Peadar, d'fhulaing Pól."
"Pilib Minisdeóir" do glaodhadh go coitcheann ar
Philib Mac Bradaigh, do mhair timcheall 1710. I
gConntae an Chabháin do rugadh é. Bhí sé 'na bhiocáire
Prodastúnach ar Pharóiste Inse Mag Craith, i
nDíoghóis na Cile Móire, acht bhí na daoine tuaithe
chomh ceanamhail sin air gur creidheadh nár luigh a
Phrodastúnacht go ró-throm air. Tá cunntas 'n-a
thaobh san Dict. Nat. Biog. agus in sna Transactions of the
Iberno-Celtic Society ó Éadbhard Ó Raghallaigh.
Leathanacha 7-11. - Connradh agus agallamh bháis an
Iarla Mómhanach le n-a mhnaoi. 23 r.
"Mairg thaobhas bean 'mo dhiaidh."
Leathanach 12. - Art Mac Cubhaigh ro chan. Cheithre
ranna ar an Dochtúir Chabhánach agus aistriughadh Bhéarla
ortha.
"A Ghailein thearis, tháinig chugam ar chuairt anoir."
Leath. 15-20. - Fuath Mhic na Mí-chomhairle. Art
Mac Oinigheacht do chum. 4r.
"Táid liom-sa fuatha iomdha."
Leath. 21. - Séamus Mac Cuarta cct. agus r.
"Lomchian fáilte dhuit 'mo dháil."
Leath. 22-5. - Pléaráca na Ruarcach. Aodh Mac
Gabhrain do chum (tim. 1712). 50 líne.
"Pléaráca na Ruarcach i gcuimhne an uile dhuine."
Leath. 26. - Rainn le reimh-ghuth nó dubh-amhrán. 13
line.
"A marthan do'n chóip a d'órduigh an Ghaoidhilg."
Ar bhaint na litreach tosaigh de gach líne as béidh
ainm an ughdair agat .i. Art Mhac Oinigheacht.
Leath. 27. - Aisling Shéamais Mhic Cuarta. 22r.
"Is buadhartha chuaidh mo shuanta aréir damh."
Timcheall 1712 do mhair Séamus Dall Mac Cuarta
agus i gCriamhthainn i gConntae Lughmhaighe do rughadh é.
I dtúis a óige do dhalladh é, agus do bhronn an daille,
fé mar do dhein le n-a lán eile, buaidh filidheacht air.
agus níor bheag a chlú mar fhile agus mar cheóltóir. Bhí sé
'na charaid do Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin, agus is dó-
san do chum sé an fáilte bríoghmhar úd ar bhfilleadh
dho dhon Mhidhe ó Chonnachtaibh:
"Dá mhilliúin déag fáilte dhíbh ó árus Méadhbha
inghean Eachaigh."
Seachas na trí hamhráin thuas, do chum sé na cinn seo
leanas:
(4) "I gCriamhthain thíos atá mo mhian."
(5) "B'fhearr liom gearrán Bhriain Uí Bhroin."
(6) "A bhláth na bpatriarc 's na n-apstal."
Duain do Mhuire Mháthair.
(7) "Sí mo Rós Breifneach den bpór Raghallaigh."
(8) "Idir dá thír caillfear mé choidhche.
(9) "Chaill mé lem' iomairce eineachlan mo
shuaircis."
(10) "Mo dhá rosc, mo dhá radharc, mo dhá dhroichead
ar gach abhainn."
(11) "A Ruadhraigh, nach gcluin tú an caoch?"
(12) "Tá scata daite dualach ag a staradh leat go
fuar-lag."
(13) "Crádh éigcionn gach tíre, uaisle Éireann ar
dhíbirt."
(14) "Fáilte agus fiche do'n lanamhain."
(15) "Mo thuras go Tulach Ó Méath."
(16) "Cé nach maith is léar domh na leabhair Gaoidh-
ilge."
(17) "A theachtaire, théidh go fearran an Mhaighre."
(18) "Nár stad na gártha nó greadadh lámh."
(19) "Fáilte do'n éan is binne ar chraobh."
(20) "A Bhóinn a bhí ag Bogha Dearg."
(21) "Cuir cruinniughadh ar do shluaighthe."
(22) "A chúirt na féile, cár ghabh m'fháilte?"
(23) "Ná hagair orm, a Righ na Rann."
(24) "Is i nEachdhruim an áir atáid 'na gcomhnuidhe."
(25) "Iarraim do bheannacht gan fheirg."
(26) "A dhuine nach léir dhuit créachta croidhe ó'n
dall."
(27) "Is claoidhte chuir Ádhaimh re n-a chlannaibh."
(28) "Gach uile peacach bocht gan treóir."
(29) "Ba haigeanta croidheamhail mo mhachtnuidh-se
aníos"
[Ag cur síos ar iomaidheacht peile do fear-
adh i ngar do Shláinghe ar bhruach na Bóinne
idir fhearaibh Midhe agus fhearaibh Lughmhaighe.
Seo dhuit, a Oscair!]
(30) "Is mian liom-sa trácht ar scéimh na mná."
Ar Anna Níc a' Ghabhann.
Is maith an méid sin mar shaothar dhuine amháin.
Acht cad chuige nach gcloistear aon chuid dá dhéantús
ghá ghabháil ag cuirm cheóil muna mbeadh ag Feis
tuaithe, b'fhéidir. Tá a cuid féin déanta ag Cúige
Mumhan. Cá bhfuil Ulaidh? Cad n-a thaobh nach gcuir-
tear iad-so agus a leithéid i dtoll a chéile mar "Fhilidhe
agus Filidheacht leithe Chuinn"? Tá súil agam nach
mbeidh Ulaidh san rang deiridh níos fuide, ó thárla go
bhfuil comharthaí a múscalta uirthi, mar atá saothar
Énrí Uí Mhuirgheasa agus guth sa bhfásach ó Chathal Bhuidhe.
Taisbeáinimís dúinn féin cad is Ultaigh ann.
Leath. 33. - Peadar Ó Doirnín cct. 3r.
"Tá bearradh a' Lunduin."
Leath. 35. - Peadar Ó Doirnín cct. 6r.
"Cá chreidim go dóigh aon fhear le mo bheó
Bheith bocht nó go leónaidh an bás é."
Amhrán do "Thoirdhealbhach coir Ó Hamuill."
Leath. 37. - Peadar Ó Doirnín cct. 8r.
"Ce go raibh sí síos agus mise na gcoinnean
Mo leanbhan hart hall."
Leath. 40. - Peadar Ó Doirnín cct. 6r.
"Ar dhul dhamh 'mach san tsliabh gan chú gan each."
Leath. 43. - Peadar Ó Doirnín cct. 6r.
"A pháisde na suth nach fág mise luige"
Leath. 46. - P. Ó D. cct. 6r. "Ur-chnuic Sheathain
Mhic Cáinnte."
"A chiuin-bhean tséimh na gcuachan péarlla."
Leath. 49. - P. Ó. D. cct. 10r.
"Bhí mé lá do mo láthaibh i gcairimh-droiched Átha na
séad."
Rugadh Peadar Ó Doirnín A.D. 1682 i ngar do
Chaiseal Mumhan i gConndae Thiobrad Árann; acht
nuair a bhí sé 'na óig-fhear chuaidh sé go híochtar na
hÉireann, agus do chuir faoi i nDrom Chríoch, i ngar do
Phort an Dúin, i gConntae Árd Macha. Phós sé bhean
óg dár bh'ainm Rós Toner, agus do chuir scoil ar bun i
n-aice le Forkhill. Fuair sé bás an 5 Aibreán, 1768,
agus do hadhlacadh i roilig Urnaigh, áit atá suidhte tim-
cheall trí míle ón tSrádbhaile. Tá cunntas ar a
bheathaidh agus cuid dá shaothar le fagháil i "bhFilidheacht agus
Filidhe na Mumhan," agus san Dict. Nat. Biography ó láimh
an Dochtúra Tormaid Ui Mhórdha, agus tá clár a dhéan-
tús i nIRISLEABHAR an Aibreáin, mar a luaidhtear
"cunntas ar bheathaidh an fhilidh" a bheith i seilbh Énrí
Uí Mhuirgheasa.
(Ní críoch.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11