Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas, 1905.

Title
An tOireachtas, 1905.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN tOIREACHTUS, 1905.



Tá súil againn go bhfuil scríbhneóirí na
Gaedhilge ag obair ar a ndíceall i gcóir
an Oireachtuis. Ní'l puinn aimsire aca
anois. Ar an gcúigmhadh lá déag de'n mhí
seo beidh an cáirde i gcrích agus ní fuláir gach
aistidheacht a bheith ar láimh an Rúnuidhe an
lá soin.

Táthar á rádh guíi sroiseadh an bárr
anuraidh i dtaobh scríbhneóirí, agus ná beid
nísa líonmhaire againn i mbliadhna ná b'éidir
go ceann a bhfad. Is dóigh linn féin amh go
bhfuil a lán romhainn fós. Tá scríbhneóirí
ag dul i líonmhaireacht ó bhliadhain go
bliadhain. Ba chóir go mbeadh soin ar
feicsint san Oireachtus, an t-aon áit
amháin go bhfuil gach iomaidheacht ann ar
oscailt i gcóir Chlanna Gaedheal go léir.



Is í Roinnt na litridheachta an chuid
is tábhachtaighe de sholátar an Oireachtuis.
Dá bhrígh sin táimíd i ndóthchus go mbros-
tóghaidh ár scríbhneóirí ortha féin san
mbeagán aimsire atá rómpa. Ná bíodh
scáth ar na daoinibh ná fuil acht tamall
d'éis tosnughadh. Cuiridís isteach go dána.
Cá bhfios cad do thiocfadh as. Níor bhuaidh
an lag-chroide éin-nídh fóganta riamh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services