Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán Deireannach Chatháil Bhuidhe.

Title
Dán Deireannach Chatháil Bhuidhe.
Author(s)
Ó hAnnabhain, Seaghán,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Dán Deireannach Chatháil Bhuidhe.



Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunna cct.



I.



Truagh, a ghearr-chléibh, faraor, nach rugadh
mé dall,
Bodhar, balbh, gan chéill, is gan éin-smid
teangadh in mo chionn,
Sol a dteacha mé i dtréas, mar bheadh
ceatharnach coilleadh rinn feall,
Acht mun' rabh grásta Dé, cha dtéarna me
aithrighe i n-am.



II.



A Rígh na bhfeart, go n-aslaidh tú mo
chroidhe!
Go léigidh tú mise leat ar neamh, mar tá
na haingil.
Aidmhighim mo locht anocht, gur cam 's gur
claon,
Go bhfeil mise faoi ghlasaibh pheacaidh
deamhnaidhe an tsaoghail.



III.



A Rígh atá coimseach, comraighe d'iarraim
ort,
I n-Éiric an chroinn seo ceangladh thú gan
locht!
Braon de do thrócaire dóirt ar m'anam
anocht;
Ná léig mise ar seóid níos mó, acht claoidh
mo chorp.


L. 810


IV.



A Rígh na ngrásta, nach náireach damh
amharc ort suas?
'S ní'l oidhche nó lá nach dtáirngim fuil as
do ghruaidh!
D'fhuiling tú an pháis, a shlánuightheoir,
'cheannach an tsluaigh -
Acht mu'r leasuigh tú do lámh, a Árd-ríogh,
d'imthigh me uait.



V.



Ar an tSlaibh gan smúid tá Uan-Mhac Dé
na ngrást;
An crann gan súil a lúb an tsleagh i n-a
lár;
A chroich ar a chúlaibh 's é ag tabhairt a chuid
fola 'sa páirc;
Sgéal doimhin an rún gur cluainteach
cleasach an bás.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services