Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge X.

Title
Nuid na Gaedhilge X.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE - X.



Tá seóid ó Cúige na Craoibhe Ruaidhe
againn an mhí seo i gcóir Nuid na Gaedhilge.
Is é rud atá ann ná leathanach a leabhar do
scríbh an file clumhail úd Peadair Ó
Doirnín. Táimíd fé chomaoin ag Right
Rev. Mgr. O'Laverty, Holywood. Béal
Feirsde, i dtaobh usáid a bhaint as an
láimhscríbhinn, mar is leis-sean é. Ár
mbuidheachus leis is dual d'Eóin Mac
Néill, a thug an leabhar fé n-ár n-aire.



Is é leathanach 86 de chuid Pheadair Uí
Dhoirnín, san leabar so. Is é earradh atá
ann ná cuid den scéal Fiannaidheachta úd
do chuir An Craoibhín i n-eagar do Chumann
na dTéacs nGaedhilge, "Eachtra Cloinne
Ríogh na hIoruaidhe."



Sid é adhbhar an leathanaigh fé gnáth-chló:



"As a haithle na laoidhe sin do chonc-
adar tír áluinn iniuil agus cathair ucht-
bhlaith úr aoibhinn uatha; go ro fhiafraidh
Cod don Churaire Ch(am)ch(osach) nair


L. 779


bh'aithne dhó an chrích no an chathair sin, 'Crích
na bhFear bhFionn an chrích úd,' ar an
draoigh, 'agus is ann sa chathraidh úd ro
chomhnuigheas do chliabhain-se féin .i. Rígh na
bhFear bhFionn.' 'Madh tharla dhuinn é, is
coir dhuinn cuairt a dheanamh aige,' ar Cod,
agus ro chuireadar a lung a (.i. i) dtír
i gcuan na caithreacha. Agus an trath
chulaidh an Righ gurab iad ro bhi ann tháinig
cona (go n-a) mhór-uaisle n-a gcomhdhail
agus thug leis go suilbhir so-mheanmnach
don ríogh-bhruighean iad agus tug saor-
fhleadh le caitheamh dhaibh, agus tug iomad
seod uaisle do Chod, tar cheann a inghine.
Trí la agus teora n-oidhche dhaibh san gcath-
air sin. Agus an tan chualaidh an Righ
fochain a n-asdair agus an t-ionadh da
raibheadar ag triall adubhairt:



"'Is doirbh doilghe dhaoibh triall do
thaghall na caithreacha sin, oir ni fheadaid
fir an bheatha a ghabhail da haimhdheoin tre
mhéad a draoigheacht agus a diabhlaidheacht,
agus iomad a curaidhibh agus a cathmhilidhibh,
agus ar mhéad a teas agus a teannala,
ionnus an feadh a mhairfeas an teas san
tsruth nach feidir a ghabhail.' 'Maiseadh,'
ar Cod, 'an bhfuil san domhan aon ni do
throighfeadh teas an tsrotha sin?' 'Ata,'
ar an Righ,' ge doilge a fhaghail.' 'Cread
an ni sin,' ar Cod, 'agus cread na bard-
adha chomhdaigheas é an tan bhus deacair
fhaghail?'" agusrl.



Go scaraidh an lacha le linn do shnámh,
Go scaraidh an eala le cluimreach bán,
Go scaraidh an madradh le creim na gcnámh,
Ní scarfaidh an ghangaid le hintinn mhná.



Dá mbéadh Béarla age Pilib
Is feiscint ag Hannrí caoch
Ba mhistide an cineadh
Ar a dtuitfadh a gcamdlighe araon.
--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services