Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Do Bhí Bean Uasal.

Title
Scoil na Suadh - Do Bhí Bean Uasal.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 750


Scoil
na
Suadh.



"Do Bhí Bean Uasal."



Gléas C. Go bog réidh. Sean-Fhonn.



I.



Do bhí bean uasal seal dá luadh liom
'S do chuir sí suas díom céad fó ríor géar,
Do ghabas lem stuaire na bailtí muara
'S do dhein sí cuach dhíom i lár an tsaoghail.
Dá bhfuighinn-se a ceann súd fé áirsín teampuill
Go mbeinn arís ar m'ádhbhar féin


L. 751


Acht anois táim tinn lag 's na fuil fagháil leighis orm,
Is beidh mo mhuinntir ag gol im dhéidh.



II.



Tá 'sag Éire nach mar ghioll ar éan-rud
Do dhearbhuigheas féinig i gcoinnibh dige.
Acht mar ghioll ar mo chéad-searc do dhein mé thréigint
'S í ag déanamh spré suas dá clann inghean.
Tá an fuacht ag teacht is an teas ag éalódh
'S an tart ní féidir liom féin a chlaoidhe,
'S go bhfuil an leabhar orm ó Shamhain go Féb'ry,
'S ní bheidh sí réidh liom go Féil Mhichíl.



III.



Do shiubhluigheas Éire 's an Mhumhain le chéile
Agus síos cois Éirne mar mbíodh mo ghrádh,
Is ní fheaca éin-bhean ar feadh an mhéid sin
Do b'fhearr liom féinig 'ná Mallaí Bhán.
Mná na hÉireann is a dteacht le chéile
Cé gur mór an tréason dam a leath a rádh,
'Sé deir gach éinne do chonnaic mo spéirbhean,
Go rug sí an chraobh léi ó Chonntae an Chláir.



IV.



Táim tinn breóidhte 's mo choas deas leóinte,
's do ghaibh an óigbhean so tharm isteach,
D'iarras-sa póigín uair nó dhó uirthi,
's go bhfuighinn féin fóir'thin á suidheadh lem ais.
Uch mo chreach, is mo mhíle brón soin,
An saoghal so romham is gan pósadh leat,
"Ní'lir fós ná ní bheir go deó agam,
Mar do bh'fhearr fí dho liom mo bhuachaill deas."


L. 752


… san bhfear eile, agus bhí a bhéal lán de
bhlúiríníbh pháipeir, agus ní fuláir nó bhí ghá
gcogaint nuair d'imthigh an t-anam as.
Níor bh'fhéidir éin-nídh do dhéanamh amach as
an bpáipéar so acht amháin gur chosmhail
le litir é. Bhí iongnadh an domhain ar lucht
na bpáipéar nuaidheachta n-a thaobh.



Acht bhí tuigsint cheart ag seana-shagart
i mBaile an Tulaigh nuair a léigh sé an
scéal, agus dubhairt "Beannacht Dé le
hanmain na marbh."



CUMUIDHE NA nGALL.



Gluais.



I.



Gaéthe na Gréine, the rays of the sun.
Port na Traénach, the railway station.
Searbhfóghantuidhe, a servant.
Connarthóir, a Leaguer.
Ag sranntarnaigh, snoring.
Fústar an domhain, a tremendous hurry.
An bagáiste, luggage.
An t-inneal, the engine.
Gnáth-mhóid, usual oath.
Múisiún, a doze, a nap.
A bhóna, his collar.
Go seólfaidhe, that he would be shown into the Canon.
Gliogaire, a prattler.
Droch-mhúineadh, bad manners.



II.



Cathaoir shocair, an arm-chair.
Amalóir, one who cannot collect his wits.
Diúltadh, refusal.
Níor shamhluigh, he appeared only middling.
Bhí mo thriall ar, I was going to.
Dá infhiúchadh, examining him sharply.



III.



Naoidhe bhrónach, a sorry individual.
Dá mheilt, being ground.
Siogár, a cigar.
Socróghaidh, will settle.
Carbad Traénach, a railway carriage.
Taidhbhreamh, a dream.
Cumhracht rós, fragrance of roses.
Agom bhreacadh, playing on me, "reddening" me.
An gleann 's a raibh ann, i.e., a full view.
Faithche bhodhla, a bowling green.
An Teicheamh Mór, the great retreat.
Iomháighlainn, a picture gallery.
Greannmhaire a gcanamhna, the quaintess of their
speech.
Fear an bhreacain, the man in tartan.
Truaill, a scabbard.
Corp an mhairbh, the body of the dead man.



IV.



Sean-chumhdach leathair, an old leather binding.
Am díbeartha, the time of the expulsion of the Stuarts.
Críocha na roinne Eórpa, the Continental countries.
Colceathair, a dó's a dó, a first cousin.
Ceann feadhna, a chief.
Comh-cháirdeas, mutual friendship.
Fé iadh an tighe chéadna, under the same roof.
Do chualathas, people heard, auton.
Garrdha Iodálach, a garden kept on the Italian style.
Bailighthe leis, gone off.



V.



Rann-pháirteach san gcoir, a party to the crime.
Sean-fhala, an old grudge.
Cuirim mo dhubh-shlán fút, I defy you.
Comhrach aonair, single combat.
Aisling mhiorbhúilteach, a miraculous vision.
D'eitigh sé, he refused.
An tiodal agus an dúithche, title and lands.
Ró-chrapaithe, too cramped.
Go rabhthas, past auton.
Cora-luisne, flaming masses.
Mar bharr ar gach diach, to cap all the misfortunes.
Agus faobhar ar a ghuth, with an angry voice.
Stiallaim, I tear in strips.
Dom shuathadh, upsetting me.



VI.



Na Fíníní, the Fenians.
Táim-se ar an ochtar soin, I am one of that eight.
Ní'l dá mhinicí, the more often … the less.
Amhail is dá mbeifidhe, as if somebody were attempt-
ing to shoot him.
Do chaitheamair crainn, we cast lots.
Ná deaghas ar aghaidh, that I did not proceed.
Mór-chúthal, a great shyness.
Sás crochta, the means of hanging.
Spiadóir n-a bhallaibh, a spy from his very appear-
ance.
Nach dáríribh, but that we were in earnest.
Gabhaim-se orm, I wager.
An buidhe mór, dyer's rocket, a kind of herb.
I n-achrann, entangled.
An inchinn, the brain.



A chríoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services