Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óid a sgríobh an Chraoibhín Aoibhinn agus a thug sé uaidh os cómhair an Oireachtais

Title
Óid a sgríobh an Chraoibhín Aoibhinn agus a thug sé uaidh os cómhair an Oireachtais
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Pen Name
An Chraoibhín Aoibhinn
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht



Óid
A sgríobh an Chraoibhín Aoibhinn agus a thug sé uaidh os
cómhair an Oireachtais: -



I.
Ní'l céasacht ná caoineadh ameasg na ndaoine
Acht cleasanna, aoibhneas, spórt a's ceól
Abhráin na n-éanlaith ar bharr na ngeug,
Ag rádh go mbéidh Éire faoi bhród go fóil,
Seo an tríomhadh bliadhain do Clainn na bhFiann
Le toil 's le mian ag teacht ann so,
A's chidhfidh na daoine go bhfuil siad díleas
'S go bhfuil anam i gcroidhe-stigh na h-Éireann beó.



II.
Tá clanna Gaedheal ar feadh na h-Éireann
Ag teacht le chéile faoi mheirneach mhór,
Faoi chaptaoin tréan agus ceannphort gleigeal
An Cáirdinéal maith de shliocht Maoil' óg
'Sé an sompla gléigeal do'n uile cléireach
Ar feadh na h-Éireann é bheith ann so,
Ag rádh go follus go bhfuil lá agus solus,
Gan crádh gan donus i n-Éirinn beó.



III.
Tá'n Cumann Gaedhealach ar feadh na h-Éireann
Ag leathnughadh na ngeug anonn 's anall.
I gCúige Múmhan, ó dheas, ó thuaidh,
I gConnachtaibh cruaidh 's i nDún na nGall.
Tá'n stoc d'á shéideadh ameasg na sléibhteadh
Do sgap na néallta 's do las an ghrian,
Sgannruigheadh na náimhde ag dul le fánaidh.
'S céad míle fáilte roimh Clanna bhFiann.



Gach créatúr Béarla do thréig an péarla
Bhí seunmhar i n-Éirinn, ár nGaedhilg mhór,
Beidh sé faoi náire ag bean 's ag páiste
Agus béidh an lá ag an nGaedhilgthéoir
Tá Gaedhigtheóiridhe faoi mheisneach mór
Is daoine cóir iad anns gach am,
Is binn a nglórtha ag dul chum tóramh
An rógaire cómharsan an "Béarla Cam."



Tá fear-an-mhagtha 's an dream sin craithte
Béidh náire air feasta le congnamh Dé.
Is mé tá cinnte go bhfuil sé ag smaoineadh
Mo leun ariamh gur labhair mé!
Acht támaoid buidheach de féin 's d'á mhuinntir
Do chrothaigh na neithe dhúinn mar táid,
Go bhfuil gach Gaedheal ar thaobh na Gaedhilg'
'S nach bhfuil 'na h-aghaidh acht na dearg-námhaid!



VI.
Suas! Tóg suas le neart 's le luas
An bratach bhuadhach glas-uaithne breágh


L. 212


An bratach seunmhar do bhí ag Éirinn
Sul cuireadh leun uirri, smúid na cradh,
Óir d'éalaigh an oidhche mar bhí sideóg gaoithe,
'S ní bhéidhmid choidhche mar bhíomar trath.
Acht go Gaedhealach láidir ag reubadh námhad
'S ag éirighe i n-airde ó lá go lá.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services