Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge VIII.

Title
Nuid na Gaedhilge VIII.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE, VIII.



Is é rud atá againn i gcóir "Nuid na
Gaedhilge" an mhí seo ná leathanach de
scríbhneóireacht Thomáis Uí Iceadha, go bhfuil
an oiread soin trácht dá dhéanamh air ag
an Athair Pádraig de Póer. Do scríobh
Tomás Ó hIceadha ana-chuid leabhar, agus
is maith linn é bheith ar ár gcumus sompla
dá scríbhneóireacht a chur os comhair léigh-
theóirí an IRISLEABHAIR. Bíodh a bhuidhe-
achus ar an Athair Pádraig de Póer a chuir
an leabhar ag triall orainn.



Is í earradh atá ann acht críochnughadh
"Eachtra Chonaill Ghulbain," go bhfuil an
tAthair Pádraig ag cur síos air fé XIX i
gcuid na míosa so dhá aiste. Sid é i gcló
é:-



Do mharbhais Impire na nGréag
ar lár a shlóigh mhóir dá mhéid
agus do thángais fá bhuaidh amach
d'aindeóin shluaigh na dTurcach.



Do mharbhais Lámhas na long
is Antiochus na n'árd-ghlonn
an fear do chinn ar gach maith
aon lámh iomarbháidh na hAsia.



Do bhrisis caogad cath cruaidh
ó d'fhágbhais Éire go mbuaidh
is tu roinnfidh críocha fo seach
ar thriathaibh mic Néill náraigh.



Is mise Dunadhach dian
do dhraoi-se a Chonaill na gcliar
ní fhaicfeam tu ó so amach
go dtagaidh an Bhreath bhráthach
Och, och.

A haithle na Laoi sin triallas Conall
agus a mhuinntir chum na hÉireann, agus
fa fíor gach nídh dar thairngir an Draoi dho;
óir do chuir sé céad cath i nÉirinn. Do
mhair sé céad bliadhain i nÉirinn, agus dá
bharr-san do bhí céad duine cloinne, agus
clann cloinne aige sul fuair sé bás: do
baisteadh le Pádraig é; agus is iomdha
naomh agus rígh do tháinig ar a shliocht.



Ag sin agat, a Athair airmhidnigh uasail,
(Roibeard Ó Fuaráin ó Bhán an Fhaoitigh),
roinnt dem shaothar ar Eachtra Chonaill
Golbain, mar do gheallas; agus gé nach
dóigh liom t'fhaicsin go bráth arís, ar an
saoghal so, atá súil agam go nguidhfidh tu ar
Thomás bhocht Ó hIceadha. Faoighle 16, 1852.



Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Áta Cliath.



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar Litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 720a


Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



An áit d'ár gabhas,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTréithre."
Do Sholáthruigh.



Uimhir II.



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).



An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí



Sideóga ag obair:
Sgéalta Sidhe:



'Liam Ó Riain do sgríobh.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.



"An Táilleán,"


L. 720b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2
Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.




L. 721b


AN TAE IS FEARR.



Uisge Beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh.



Leabhráin an Irisleabhair. - III.



Scoil Ghaedhealach



aistí ó



"Conán Maol," "Beirt Fhear,"
An tAthair Pádraig Ó Duinnín,
Agus "Gruagach an Tobair."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services