SÉAMAISÍN MHAC AN BHÁIRD.
Fonn: - Loch na gCearr.
Tá an sean-saoghal 'fás nua ag bun sléibhte 'gus
caisleán,
Tá an caol 'teacht ar aghaidh 's an marbh 'teacht beó,
Tá na damhsaí bhí fuar sioctha marbh 'sa talamh,
Ag téidheadh 's ag corrughadh mar ta'n chanamhaint 's
an ceól.
Tá na damhsaí neimhchneasta nár cumadh riamh 'nÉirinn
'Na luighe grom gréine gan fhiafraighe gan áird
Ó chonnaictheas cúrsaí an fhir óig atá céimeamhail
Ghníos damhsa na hÉireann, Séamaisín Mhac an Bháird.
Níl aon coirneál d'á rachthá nach bhfuil misneach agus
tapadh,
I n-iosgadaibh 'n bhunaidh nár chorruigh riamh sál,
Tá na croidhthe bhí íseal 's na cuislí bhí stoptha,
'S an fhuil a bhí ar seachrán 'teacht ar ais i n-a háit;
Ó's fíor go dtéigheann dúthchas agus feoghluim le chéile,
'S an nádúir go dtéidheann le tír is le grádh,
Ná tá daoine nar bhuail a gcroidhe riamh le port
damhsa,
Ag rádh, "Ó, nach bhfeicim-sa ar ais Mac an Bháird!"
Ó, a óglaigh na hÉireann, tá cóir agus céimeamhail,
Tá umhal agus measamhail le eagna in do chionn,
Ní raibh na cúrsaí le bualadh in d'inchinn le tuairnín, -
Ní bheádh na bunnaí comh héadtrom, dá mbeadh an
croidhe trom,
Ná deir daoine shiubhal Albain, Sasain, is Éirinn
Nach bhfacthas do léithid i mbaile ná i n-áit
Le ceól agus damhsa, le canamhaint na Gaedhilic';
Ó, 'gus, soillsigh grádh Dhé ort a Shéamaisín Mhic an
Bháird!
Máire Máirtín.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11