Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Déirc dá hIarraidh.

Title
An Déirc dá hIarraidh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN DÉIRC DÁ hIARRAIDH.



Badh shuairc agus badh shultmhar an aiste
do b'éidir a scríobhadh ar chúrsaí lucht na
déarca d'iarraidh. Acht má theastuigheann
greann agus sult dáríribh uainn ní mhór
dul siar céad éigin bliadhan. B'in é an
uair n-a raibh bacaigh oilte déarscnaite
againn. Céird fé leith do b'eadh "Bailiu-
ghadh" an uair úd, a dhuine. Agus an bhean
tighe ná fuigheadh innti paidir bhacaigh do
fhreagairt, ba dhi badh mheasa. Do léigfidhe
na liodáin urthi go deas-bhéalach agus go
bearrtha.



Ní hamháin go raibh bacaigh againn an uair
acht bhí treabha éagsamhla dhíobh ann chomh
maith. Bhí bacaigh uaisle againn agus
bacaigh ísle. I gCúige Mhumhan pé scéal
é tá sé ráidhte go raibh saghas connradh nó
Trades' Union ar bun eatortha. Bhí
uactaráin agus leas-uachtaráin ortha agus
ní fuláir nó bhí dlighthe áirithe ceapaithe aca
chun a n-ealadha bheathadh a riaghlughadh dá
réir.



Ar an gcuma so do b'éidir dóibh ana-
chuid rudaí a dhéanamh ná beadh sé ar a
gcumas iad a chur i gcrích i n-éaghmuis an
chonnraidh ghreannamhair úd. Ní fuláir nó
uachtarán nó fear mór-chómhachta b'eadh
"Bacach Buidhe na Léige" eatortha. D'airi-
gheas féin teacht thairis go minic. Saghas
file do b'eadh é, nó b'éidir gur "bárd"
badh chóra dham a thabhairt air, mar bhí sé go
diail chum bárdaidheacht. Is cuimhin linn
go léir an aoide a bhagair sé ar an mnaoi
tighe ná tabharfadh "prátaí i scéith dhó, nó
uibhe na circe léithe." Dó gheall sé dhí "a
mhaidí croise" a leigean de "is a cheain-
tíní go léireach" is í féin a phléascadh
"fan a béil uaidh anonn."


L. 674


Seo giota eile as eachtradh éigin do
theangmhaidh dho "Bhacach na Léige."



AN BACACH:



'S a bhean an tighe shéimh
Cuir an déirc amach chun an daill
Olann nó líon
Nó píosa dhen tsoill as an aighean
Nó scilling den chíos
Mar chíonn Mac Muire san adharc
Is ná cuirfidh tú crích air
Choidhche ní b'fhearra 'ná a roinnt.

BEAN AN TIGHE:



'S a Bhacaigh na Léige
Léig-se feasta dhet rann
Bhí do bhean annso indé
Is taoi féinidh annso le n-a bonn.



AN BACACH.



Tá mo bhean i gCoill Aodha
Go tréith agus leac le n-a ceann
Is dá chomhartha-san féin
Tá mo léintín dubh ar mo dhrom.



BEAN AN TIGHE.



Tá mo líon-sa sníomhtha
Mo phíosa in' anairt san tseól.
'S tá mo chuid olna go léir
Ag an aonach indiu i gCill Úird
Ní rug an chearc mhaol
Is ní'l laogh ag an ndruimfhionn donn óg
'S ar do chasadh dhuit, glaéidh,
Beidh déirc i n-aisce agam romhat



AN BACACH.



'S ar mo chasadh dham ghlaodhas
Bhí déirc i n-aisce aici romham
Rug an chearc mhaol
Is bhí dosaon de sna uibhe aici im chóir
D'itheas iad go léir
Agus léigheas mo shailm di i gcóir
Is bhí bean an tighe shéimh
Go buidheach beannachtac n-a dheóidh.



Tá sé ráidhte i leith Dhiarmada na Bol-
gaighe, nuair a bhí sé druidithe go maith san
aois agus a bhean san uaigh, gur thóg n-a
cheann pósadh arís. Bhí a mhac le fada
pósta agus clann óg ag fás do. Níor thaitn
leis an mac go mbeadh Diarmaid ag cuimh-
neamh ar phósadh arís agus d'éirigh díospóireacht
eatortha. Bhí an mac dá chasadh le Seana-
Dhiarmaid ná féadfadh Diarmaid é féin agus
a bhean a chothughadh. Dubhairt Diarmaid
go raghaidís ag lorg na déarca, agus gur dóigh
leis féin go mb'fhearr mar chéird é 'ná
céird a mhic. Seo mar a thuit sé amach do
réir an amhráin:



DIARMAID:



Fachtar dam mála láithreach is imtheoghaidh
mé liúm
Ceanastar stáin agus cána go mbeidh
biana n-a bhonn
Gheobhad ó thuaidh chun chun Uíbh Ráthaigh 's
ar ráiseanna fairsing Bh'le Áth Ubhal
Agus siúd uait san tsoláthar an rábaire
bacaigh ón Mumhain.



MAC DIARMADA:



Ná himthigh tá an Márta 's an ráithe dubh
earraigh seo chughainn.
Beidh an rótha fét bhálthaí 's an bháisteach
ag stealladh ar do chúl
Beidh runadh let chába agus ghráin ar do
leacain le clúmh
Is nach mór an fonn ráis ort e a rábaire
bacaigh ón Mumhain.



DIARMAID:



Ní fhanfad-sa lá agat a spágaire
chrapaithe an ghúit


L. 675


Is dealbh é t'ádhbhar ní'l sáith do thrí lachain
it chúil
Táid do páistí ag gárthaigh le gábhtar ag
sileadh na súl
Is siúd uait san tsol thar an rábaire
bacaigh ón Mumhain.



Mac D.:

Ní'l ort éan-tsásamh gan báb a bheith
farat san tsiubhal
Tá seana-bhean tsásta sa Láithreach dá
dtaithnfadh let shúil
Anna Ní Fháilbhe do chomáinfadh an madradh
let chúl
Is nach mór an fonn ráis ort é a rábaire
bacaigh ón Mumhain.



DIARMAID:



Ní phósfainn go bráth aon chánaire caillighe
aca súd
Raghad ins an áit n-a bhfuil mná deasa a
thaithnfidh lem shúil
Gheobhad cailín óg bán go mbeidh fáinne
agus raca n-a cúl
A chuirfidh críoch ar a sholáthar don rábaire
bacaigh ón Mumhain.

Mac D.:



Níl cailín deas bán go bhfuil fáinne agus
raca n-a cúl
I n-éan-bhaile le fagháil ó Phortláirge go
Daingean Uí Chúis
Ná fuil iomard no máchal nó bearna
bainte as a clú
Sara shiubhloghadh sí láimh leat a rábaire
bacaigh ón Mumhain.



DIARMAID:



Raghad ins an gceardchain go Pádraig
ar maidin go humhal
Déanfaidh sé biorán dam is fáinne dhen
bhfaision so ar siubhal
Búcla práis do fháisfidh mo bheilt ar mo
chum
Agus tabharfad mo shlán fén rábaire
bacaigh ón Mumhain.



Mac D.:



Is 'mdhó fear leathan láidir atá le fada
san tsiubhal
Ó íochtar Phortláirge 's don stair sin go
Daingean Uí Chúis
Dá mbeadh sé let shála nuair a thráchtair
ar ghaisce gan chúis
Do theichfá trí ár uaidh a rábaire bacaigh
ón Mumhain.



Ba ghnáthach le bacaigh an uair úd sailm-
eacha a bheith aca. Ar dteacht isteach i dtigh
do dhuine aca chromfadh ar a shailm a
léigheamh. Is eól dúinn go léir "An Duine
Bocht Uasal" agus aiste Dháith de Barra
ar aonach Lios gCúil. Sailmeacha bacaigh
is eadh iad-san. Bíos ag póirseáil san
Acadaimh an lá fé dheireadh agus do casadh
an giota so orm ann. Sailm ó Chonntae
an Chláir is eadh mar is san gConntae soin
do scríobhadh an leabhar i n-a bhfuil sé. 23
G 10, a chomhartha ar an gclár, agus duine
dar bh'ainm Séamus Brún ó Chill Mhichíl i
gConntae an chláir a scríbh é, san mbliadhain
1807. Seadh, máiseadh. Ní beag soin.



Sid í an tSailm:



"Go mbeannuighidh Dia agus Muire agus
Pádraig, Micheál Aingealdha, Eóin Baiste,
Feidhlim Bacach, Colm Cille, an dá Aspol
déag, agus Dia Mór na Glóire dhuit, a
bhean uasal mhúinte mhall-triallach, agus
a ghéag bhuadhach ghrástamhail gan táir gan
tarcuisne, a chraobh uachtair na huaisle, a
chnú mholta na saoithe, a árd-mhoguil na
maitheasa agus na carthannachta. Dar go
deimhin is gnúis deag-mhná atá agat. Tá
gean agat ar dhia, agus gean ró-mhór ag


L. 676


Dia ort. Táim féin ag iarraidh cuid na
haimsire seo agus na huaire ná táinig
fós, dá impidhe ar dhia, ar Mhuire Bhean-
nuighthe, ar Mhicheál Aingeal, ar Eóin Baiste,
ar naomh-aspoil is ar ainglaibh an Tighearna,
bheith n-a gcliaith chosanta, n-a sciaith lúithrigh,
n-a gcómhlainn dín, n-a ngárda coinghbhála
is n-a n-adhbhcóidithibh oll-bhuadhacha iongan-
tacha ar do shon i n-am glanta na spotaí
is i léir-chneasughadh lot agus créachta
taithneamhacha i láthair an Tighearna, a
shiúir na saoithe; dá iarraidh ar Dhia mar an
gcéadna do chumhdach agus do tharrtháil ar
thubaist ar anachain ar anfhaithe ar anacra
ar aicídibh is ar ghalraibh gríobhdha gonta
géar-nimhneacha grod-gháibhtheacha na haim-
sire seo agus na haimsire eile atá le
teacht.



Ná tuig, a bhean mhaith, gur sliocht bodaichín
ná bodacháin ná smut ar glúin ná torcán
cúinne ná fámaire ná blaoscaire ná sutaire
ná glugaire atá ionnam-sa. Ní headh go
deimhin; duine bocht mise de shliocht deagh-
athrach agus deagh-mháithreach, do geineadh
as cródh is as ceadhreanna (caidreamh?)
búr, as bothántaibh agus groidh-eachaibh is as
mall-tréad muc agus caorach agus iomad
óir agus airgid agus iol-mhaoine, bíodh go
bhfuilim i n-an-chruth bocht mar is léir duit
a shiúr na saoithe.



Ná tuig fós gur martra bréige ná
preab-chuisleann ná léim rúitín ná cor fá
iongain ná sál-bhrudha atá orm. Ní headh
go dearbhtha acht duine bocht mise n-a bhfuil
ocht gcnámha déag ar fhichid de chnámha mo
chuirp adhnactha sa teampoll le seacht
mbliadhna, is me fein marbhghlic le(ó?) bheith
siubhal ag taisteal na gcríoch, ag saothru-
ghadh beathadh, ag cotháil an fhíor-iarmhair
mar seo i n-an-chruth bocht mar is léir dhuit,
a shiúr na saoithe.



Tá na hocht mála déag so atá n-a muirear
grod gáibhtheach orm-sa ag tnúth le n-a dtach-
tadh le do (tréd?) charthannacht a bhean mhaith,
mar atá an pucaide 's an pacaide, an rucht-
aire 's an rachtaire, mála an taoibh, mála
an tuill is mála mór an tslinneáin, mála
beag, mála fada, béal binn, glac a bhfuighir;
an priocaire, an gliogaire, wallet, satchel,
slasher, slios-mhála, round bag, pilib na
stiallóg, portmanteau, receiver, bog éille
is an butter-box.



Éirigh dá réir sin a ghlé-thobair na
carthannacht agus tabhair dham meascán
ime nó lomra olna nó criathar cruith-
neachta nó oireadh caoirfheólach nó breast
mairtfheólach nó scilling d'airgead.
Tabhair mar an gcéadna mór-mhórnán
taidhbhseach de bhán-lacht do mhór-eallaigh
dham. Seachain me ar an dhríodar an
chíléir chrosaigh nó ar iarmhar an mhaide
mheascaithe, nó ar dheasca ghorm-chiumhsaigh
an stopaide do thig go mall-triallach as
taobh an dubh-channa. Tabhair dam roinnt
de bharra bhuidhe na hoidhche agus do-bhéar
(tabharfad) turus speisialta ar do shon i
Sceilg Mhichíl i gCathair an Dúna i gCill
mac Duach i mBaile Bhúirne i nInis Ceall-
trach is i ngach ionad eile n-ar dhual mo
ghuidhe dhul chun tairbhe dhuit.



Tórna.



GLUAIS
I gCÓIR NA MAC LÉIGHINN.



Céad éigin bliadhan, some one hundred years.



Déarsnaite, polished, accomplished.



Ná fuigheadh innti, that would not find in her, that
had not some notion of.



Do léighfidhe na liodáin, litanies would be read, i.e.,
she would be called by curious names.



Go bearrtha, satirically.



Ealadha bheathadh, a profession, means of existence.
Ní raibh ceárd ná ealadha (pron. alaoí) aige, he had
neither trade nor profession.



Bárdaidheacht, ryhming, "barging."


L. 677


Ceaintíní, tin cans.



Fan a béil, across her mouth.



Dá comhartha san féin, "by the same token."



Anairt san tseól, homespun linen in the loom.



Cill Úird, Kilworth, Co. Cork.



Déirc i n-aiste, for nothing, i.e, plenty of.



Diarmaid na Bolgaighe, Diarmaid O'Shea, a West
Kerry poet of considerable merit. His face got dis-
figured from an attack of bolgach, smallpox, hence the
soubriquet. See Conan Maol's "Mac Finghin Duibh."



Dá chasadh le Seana Dhiarmaid, "throwing it at"
old Diarmaid, reviling.



Fachtar, .i. faghthas, Imper. Auton., let ther be got.



Ceanastar stáin , a tin canister.



Uíbh Ráthach, Iveragh, Kerry. The gen. is now Uíbh
Ráthaigh. The correct (old) gen. should be Ó Ráthach (?)



B'le Áth' Ubhal, B'le Áth Ubhla, Ballyhooly, Co.
Cork. The Races of Ballyhooly must have been
famous in those days. Mention is also made of them
in a song which was composed about a skirmish that
happened in connection with the tithe troubles at
Gort Ruadh.



San stoláthair, .i. ag bailiughadh na déarca.



Rótha, reódh, hoar frost. Bálthaí, big deformed feet.



Runadh, dropping, spittle escaping from the mouth.



Spágaire, a person with club-feet.



T'ádhbhar, a small quantity, your "belongings."



Farat, in company with you, along with you; from
fara and tú. Prepositional pron. The forms faram,
farat, fairis, farainn, faraibh are in common use in
Munster. In the 3rd sing. and pl. the forms in'
fharraidh, i n-a farraidh, and n-a bhfarraidh are used.
With possessives fara mo mhnaoi, along with my
wife. Sin é fara n-a mháighistir é, there he is along
with his master.



Láithreach, ainm áite.



Raca, a comb, a "rack" for the hair.



Iomard, affliction. Emphasis on 2nd syl. in M.



Ag póirseáil, seeking, rummaging.



Mall-triallach, slow-moving.



Cnú mholta, chosen (praised) fruit.



Sciath Lúithrigh, a shield of mail.



Oll-bhuadhach, most valiant.



Léir-chneasughadh, healing fully.



Do tharrtháil, to preserve you.



Gríobhdha, fierce, grievous.



Grod-gháibhtheach, sudden and terrible.



Smut ar glúin, tarnished genealogy.



Torcan cúinne, a lazy person.



Fámaire, blaoscaire, agus c, terms of contempt.



Crodh, cattle. Iol-mhaoin, wealth in different shapes.



I n-an chruith, deformed.



Preab-chuisleann, some disease of the blood (?).



Léim rúitín (?), swollen ankles.



Cor fé iongain, a "drop" under the nails.



Sál-bhrudha, a bruise on the heel.



Adhnachta, buried.



Marbh-ghlic, benumbed, prostrate, lifeless.



Cotháil, cothughadh.



Meascán ime, a lump of butter.



Oireadh, a joint, a ham.



Mórnán, drink from a wooden vessel.



Lacht do mhór eallaigh, milk of your many cows.



Cíléir crosach, a streaked "keeler" (for holding
milk).



Maide meascaithe, the mixing stick.



Dríodar, deasca, dregs.



Gorm-chiumhsach, with a blue border.



Stopaide, the "stopper" of the churn.



Cathair an Dúna (?), Caher, Co. Tipp.



Cill Mc Dúach, Kilmacduagh.



Inis Cealltrach, Scattery Island, on the Shannon.



Tá a thuilleadh dhe sna
"sailmeacha" scaipithe annso is annsúd ar fuid na
tíre. Is mór an truagh gan iad a scríobhadh is a chur
i gcló. Tá a léithéidí seo "comhgarach dhon bhfód" i
dtuairim daoine áirithe. Mhuise nach mór an truagh
nach d'earradh éigin eile a chum Dia n-uile-chomhacht
sinn, moladh go deó leis.



De mholadh Dé ná bí tuirseach,
Bíd a ghrásta ag triall go mall;
Mealltar Rí Nimhe mar leanbhán,
a Dhé ná bí it leanbhán.



***



A Mhuire a Mháthair Mhic na ngrás
Do shaothruigh Neamh
Is d'fhuiling táir is neamh-chion dáil
San Éigipt seal
Ar ndul do chách go hionad láithreach
Lae na mbreath
Go hiomlán ón uile chás
Sinn saor beir leat.



***



Nach bocht an toisc 's an cor n-a bhfuilim i bpéinn,
Mo thuigsint óm thoil 's mo thoil ag druidim óm
chéill;
Ní thuigtar dom thoil gach locht dom thuigsint is léir,
'S má thuigtar ní toil léi acht toil a tuigseana féin.



***



Ní cháinim duine 's ní thugaim mo shláin fí aon.
'S má cháinid mise ní thuigim gur nár dham é
An tráth bhíd sultmhar ní sultmhaire cách 'ná mé
'S ní'l cáil i nduine nach duine dhen cháil sin mé.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services