Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iománuidhthe Chill Chóirne.

Title
Iománuidhthe Chill Chóirne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Muimhneacháin, Conchubhar
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 659


IOMANUIDHTE CHILL CHÓIRNE.



Ar chuala sibh a' cúinse a bhí ar mhuinntir Ceallúrach
"Baint díobh 's a' cur umpa i gcaitheamh a' lae;
Bhí an Canuigheach ar dtúis ann is b'fhearr é ná
cúigear
Ba mhaith é mar chongnamh i gcoinnibh na laoch.
Coinneóghaidh Diarmuid an cúla má fhaghann sé aon
chongnamh
'S beidh lucht cótaí dubhacha a' gobhail romhaibh as gach
taobh;
Mura lugfaidh sibh go dlúth iad istigh ar a dtúrlach
Déanfaidh siad brúscar dhínne go léir.



Nuair a deineadh an cúinse do caitheadh suas
chughainne í
'S níor sheasaimh sí dhúinn ann acht cheithre neóméad,
Nuair a ránga sí an cúinne, annsúd a bhí an dúiseacht
Bhí míle fuiliú aca agus murdal fair play.
Bhí Moruainí go súgach a briseadh tré chúla
'S Mac Donnchadha go Lúthmhar amach le n-a thaobh;
Mura mbeadh Seón Meaic a Labhair linn 's Hiúí Maol
Dhomhnaigh
Do chuirfimís gan dabhat iad isteach sa tséipéal.



Cuirfidh mé cumhangthas ar íochtar na dúithche
Agus imtheóghad chum siubhail a' súil leis an bhFéinn;
Raghaidh mé don Scumhal síos as siúd don Chúige
'S gur ar faithche Chluain Rúda a bhuaileamair suaé.
Bhí Greig 's a thrúp ann fé chaipíní dubhacha,
Agus paráisde Dhúire amach le n-a dtaobh;
Bhí creathar (4) nó cúigear do bhreis aca i gcúla
'S gur thuas ar an gCumhad a scaramair léi.



Mo chéad grádh é an Brianach do chuir sé fios siar
orainn,
Bhain sé ár gciall dínn le neart a shoiléir;
D'órduigh sé biadh dhúinn agus dubhairt dar a bhriathar
Dá scríobhmuis dá iarraidh go dtiocfadh sé féin.
Raghmuid don iarthar i gcóir na haithbhliadhna
Ó Chill Ruis go Ciarruidhe anonn treasna an Ribhéir;
Seólfamuid fialtaigh trí Ráth Caol aniar linn,
Beidh ínsint scéil thiar orainn i gcaitheamh an
tsaoghail.



'S a mhuíntir Chill Chóirne, mo bheannacht go deó dhíbh,
Léigídh d'bhur mortas ar mhaithe libh féin;
Tá scór d'fhearaibh óga ins an Eidhnigh im' dheóidh-se
Chuirfidh d'bhur treóir sibh i gcaitheamh an tsaoghail;
Tá liathróid bhreágh nódh aca socair i gcóir díbh
'S a chamán fuinnseóige n-a láimh ag gach n-aon,
Mura leigidh sibh d'bhur mórtas raghaid siad nbhur
gcomhrach
'S beidh sibh fé thórramh an oidhche 'n-a dhéidh.



Cuirfidh mé fearaibh Chill Chóirne seo feasda ins an
nuaidheacht
Ná fuil aon bhaile ins an deóghaise na buailfidís caoch,
'S go bhfuil scór de liathróidí ag baile 'n-a ndeóidh
ann
'S cá bhfuil an té éileóghaidh iad i gcaitheamh an
tsaoghail.
Cuirfidh mé póist suas a neosaidh don stróile é,
Nó do sna King Sports a bhíodh romhainn ins a bhféinn,
Gur b'é an comhrac fuiseóige é le fiolar an mhórtais
'S éinne a bheith beó aca t'réis an lae indé.



'S ar mo chasadh abhaile dham bóthar an strapa
Bhainfidís mairbh as talamh le liúgh ag gach n-aon;
Bhí Cill Chóirne Maol dearg le teínte cnámha lasta
Mar d'órduigh ar gcaptaen ar imtheacht do féin.
Bhí fíon ann is claret is gach beóir eile 'á aiteas.
Gur chruinnig na bailte le háthas ár scéil;
Bhí cailíní deasa gobháil fuínn ann go maidean,
'S siúd mar a scaras le gramaisc an tsléibhe.



'S is fada mé a' foidhneamh a' seasamh ag éisteacht
Le Cill Chóirne 's a gclaidhrí dhá moladh go hárd,
Dá mbeadh fhios súd agam cia labhair chomh taidhbhseach
Do caithfeadh sé éisteacht nó bheadh 'n-a phlérác.
Cuirfead plain radhairc ar a choróinn suas go taidhbh-
seach,
Cuirfead mar shoighin iad a díbirt phréachán;
Sé mo dhóchas gur tuill siad gach pianós dá bhfaighdíst
Dá scoiltí go doimhin iad ó bhathas go sáil.



CONCHUBHAR Ó MUIMHNEACHÁIN,



Do sholáthruigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services