Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oileán Dairbhre.

Title
Oileán Dairbhre.
Author(s)
Ó Duibhne, Diarmaid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 612


"OILEÁN DAIRBHRE."



--



Suidhte go sásta ar thaobh na mara móire
tá an seód luachmhar so. Ní'l 'san oileán
acht timcheall is seacht míle ar fhaid agus
beagán ós cionn trí mhíle ar leithead. A
léightheóir, sí an áit is deise fé'n spéir í.
An rabhais riamh ann? Mara rabhais ná bí
mar sin, beidh fáilthe agus céad romhat i
ngach mball; beidh óg is aosta go muin-
teardha leat, agus síbhialta mar is eól do
Ghaedhealaibh bheith. Má's ar rothar duit táid
na bóithre mín, réidh, agus ó chois go ceann
ní ró-fhada an t-aistear ort é.



'San tsamhradh nuair a bhíonn an lá breagh,
fada, grianmhar ann, is aobhinn go léir an
amharc atá ó cheann Bréigh .i. an puinte is
sia siar ins an oileán.



Tá an mhór-mhuir os do chomhair; éanlaith na
fairrge ag gabháilt thart; cuid aca anois
agus arís ag damhas go compórdach ar an
uisce thíos uait, nó ag cluithe go bun phuill
an mhéith-bhric nó an scadáin deóranta. Tá
an pucán ann go seamhrach sásta ag rith is
ag poc-léimrigh gan sos. Tá giorrfhiadhthe
agus coiníní le feicsint ann go flúirseach,
iad uile ag déanamh aoibhneas agus imreas
dóibh féin fé lonnradh mhór-shoilseach na
gréine.



Siar is ó dheas uait tá an dá Sceilg, agus
Carraig Liomáin go borb dána gan pioc
ortha ná uatha acht ag coimeád cuideachtan
dá chéile mar bhíodar an oidhce úd gur
tháinig faithchíos ar Dhára Domhan rompa,
agus é ag triall ar Éirinn iath-ghlais.



Ar an "Sceilg bhig" deinid éanluith na
mara ionad comhnuidhthe dhóibh féin agus 'sé
an goinéad atá mar rígh aca ar an gcarraig
seo, acht ní dálta é le ríghthibh eile. Caithfidh
sé féin a bheatha a dhéanamh amach; ní fhágann
soin ná go bhfuil sé do dheallramh air bheith go
sochma fadaolach gan buadhairt, gan droch-
aigne aige d'éinne 'tá fé n-a chamrann-
duigheacht.



Tá tigh soluis ins an "Sceilg mhóir" i
ndúnas agus d'fhonn is na hárthaighe a sheóladh sa
tslighe chóir. Do mhair cuid de sna Naoimh
annso feadh tréimhse; tá a gcomhartha fós le
feicsin go soiléir. "Sceilg Mhichíl" a
ghlaodhtar ar an gCarraig seo, pé ná
curfaidhe amúdha thú dá mbeitheá ar lorg
"Scéilg na Sceól" agus ní hiongnadh san
mar bailighid na hiascairidhe annsúd le
chéile agus is 'mdhó scéal greannmhar sulth-
mhar deintear aithris air.



Ó thuaidh uait tá na Blascaodaidhe mar ar
chaith Bréandán páirt dá shaoghal. Deirtar
nuair a ritheadh sé gearraid d'fhíor-uisce
go dtagadh sé go Dairbhre 'á dh'iarraidh. Tá
tobar ag an Imleach glaoidhte 'na dhiaidh,
agus is deimhin gur ól Domhnall Ó Murchadha
agus a lán nach é ó'n oileán so go bhfuil an
phréamh Ghaédhlach ionnta deoch de'n fhíor-uisce
bheannuighthe sin. Ó's ag trácht thar
tobrachaibh dom, tá tobar Fhionáin ann leis
agus tobar Ríogh an Domhnaigh chomh maith.
Mb'fhéidir a léightheóir nár airghis gur mhair
deirbhshúir Naomh Phádraig san oileán? Thar
a dhéinfinn dearmhad air is fearra dhom é
d'innsint duit gur mhair agus go bhfuil an
seana-theampall a thóg sí n-a sheasamh fós sa
Chill-Mhóir, ní gádh dhom é chur i n-iúil duit
ná fuil ceann ná clúdach air. Naomh
Doirearca b'ainm dí, agus is follus go
bhfuil aithris éigin ag muinntir na háite
n-a taobh mar go bhfuil aonach glaoidhte 'n-a
diaidh .i. "aonach doirearca". Ní fuláir
nó go bhfuil sár-fhios air seo ag "Séamus
Dubh."



A chara an chroidhe istigh d'fhágas thu ag
ceann Bhréigh agus go deimhin ba neamh-
fhoidhneach an bheart uaim nár fhanas id


L. 613


theannta feadh tamaill acht ní'l éan-
uaigneas ort, sé mo thuairim, mar tá an
iomad agat le feicsint, agus gan amhras
ní'l do smaointe díomhaoin.



Gluais ort anois máiseadh agus tóg-
faimíd an bóthar uachtarach, agus tabhar-
faimíd cúrsa ar an gCraol agus as soin
go Fothair.



Feach síos uait an imleach go rabhas ag
trácht air ó chianaibh; sin é soir uaidh
"Cuaisín Cinní," ná feiceann tú an lúibín
sin isteach, sin é díreach é. Seo annso ar
thaobh do láimhe deise mar a bhfeachaidh an
sgríbhneóir éifeachtach úd Seán Ó Ceallaigh
an chéad amharc ar sholus an lae. Ar
bh'iongnadh leat éifeacht is meabhair is glan-
intinn a bheith aige? Nach breagh folláin
atá an t-aer annso. Sin é Bádh an Daingin
ós do chomhair anois, féach thall mar a bhfuil
Fionntráigh na gcéad gcath, agus soir
uaidh an bhfeiceann tú Daingean Uí Chúise
féin? An dóigh leat gur leas ainm é?
An bhfeiceann tú mar a bhriseann tonntacha
móra na fairrge fé'n bhfaill aoird úd?
Sin í an Fothair mar a bhfuilmíd le dul ann.
Tá claidheamh le hOscar annsúd díngthe
isteach san bhfaill. Is deallrathach nuair a
bhí Oscar ag cath Fionntrágha gur
chuir duine éigin as loingeas. Dara
Domhan fearg air, agus gur chaith sé an
claidheamh fé umsaighe an ceann a bhaint ed,
acht bhí an oiread sin fuinneamh leis an urchar
gur sceinn an claidheamh de dhruim na long,
agus b'é seo an chéad áit gur bhuail sé.
Fastaoim an eadh? Máiseadh, ní domhsa é,
agus a mhic, nuair a bhíos im' gharsúin is
cuimhin liom mo lámh a leogaint air. Tá dó
nó trí pluaise ann leis, agus ní chualadh
riamh ortha acht "Seomra Brighde," "Seomra
an Bhitheamnaigh." Acht cad é seo? Mo
rothar tar éis pléascadh. A Thighearna agus
gan éin-nídh againn a dhéanfaidh é dheisiughadh.
Ní'l éan-ghnó annso againn. Téanam ort
síos go dtí tigh Thaidhg Uí Eidirsceóil;
b'fhéidir dúinn rud éigin fhagháilt ann a
dhéanfadh slán dom é seo arís. Mara
bhfagham raighmíd síos go dí sráid an
tséipéil.



Ní dhéanfaidh sé éin-díoghbháil ghlaodhach ann.
Is féidir an turus a chríochnughadh i mbáireach.



DIARMAID Ó DUIBHNE.



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services