Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge II.

Title
Nuid na Gaedhilge II.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE. - II.



--



Chítar san leathanach thall, cosmhalacht leathanaigh
as láimhscríbhinn atá i seilbh Chonnradh na Gaedhilge.
Ní gabhadh cunntas a thabhairt ar an láimhscríbhinn
féin annso acht amháin a rádh go raibh an leabhar n-a
thrí chodaibh ar dtúis, is gur bh'amhlaidh a ceangladh le
chéile iad.



An chéad chuid: 60 leathanach ann. Seaghán Ó
Súilliobháin i Malla, do scríbh, san mbliadhain 1778.
Filideacht ar fad atá ann.



An dara cuid: 48 leathanach. Conchubhar Ó Briain
i mBaile an Bhilmhéacaig do scríbh, san mbliadhain
1814.



An trímhadh cuid. 50 leathanach ann. Dáith Ó Floinn,
ar na Muinidhe, i bParóiste an Rathain, i n-aice
Mhalla, do scríbh, san mbliadhain 1826.



Níl áireamh déanta ar na leathanaigh ar feadh an
leabhair go léir, acht sé an ficheamhadh leathanach de
chuid Chonchubhair Uí Bhriain atá againn tall.



Dálta adhbhair an leathanaigh féin, is é rud atá ann
ná tosach Chaoineadh Shéamuis Mhic Ghearailt ar
Dhonnchadh Mac Chormaic Mhóir Mhic Chárrthaigh ó Bhaile
Aodha i gCo. Chorcaighe. Fuair Donnchadh Bhaile Aodha
bás an tarna lá d'Abrán san mbliadhain 1739 i
n-aois a 45. Tá sé curtha ar an dtaobh ó thuaidh den
árd-altóir i Mainistir Chill Chré. Laoch mór-
chumais do b'eadh é.



Sid é adhbhar an leathanaigh thall i gcló:





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services