Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



"Cá ngabhann an oidhche nuair a thagann an lá.
'Gus cá ngabhann an taoide nuair a thagann an trá?"



Do chuirfeadh ceann de na sean-daoinibh an cheist seo
ort agus do leigfeadh an t-aos óg ortha gur bhfurus í
réidhteadh. Deireas an mac leighinn go buachach, "is
cosmhail talamh an domhain le liathróid chómhchruinn ar
casadh timcheall soluis, agus féach an ghealach tarraingeann
sí léi na h-uisgí." "Cúis gháire chugainn" adeir an
seanduine, "san go gcuirfeadh ceist bheag ort." Tá an
seanduine Gaedhealach níos gear-chúisighe 'ná leigeann
sé air agus bíonn cubhar alluis ar an mac léighinn sul a
sgarthar leis. Ní chuireann an seanduine a cheist ar
nós leinbh. Cuir aighneas air agus béidh fhios agat.



Bhíos féin ar tí roinn bheag dem' chuid eolais caladh-
nach, mar dh'eadh, do chur síos an cor so ag trácht ar an
gcuma go n-éirigheas gaoth mhór. Ní fhuil pioc faitchís
orm roimh na macaibh léighinn, acht is iad cruadh-chearta
na seandaoine glan-intinneach na ngleann do chuirfeadh
an mearbhall orm.



Acht aon nidh amháin is iongantach an ghaoth an
tornado. Ní raibh ins an nguairdeán is tréine do
bhris thar Éirinn riamh acht puichín nó séideán i gcomórtas
le tornadó. Cruinnigheann an ghaoth as gach áird,
bailigheann sí a neart, tosnuigheann sí ar chasadh i
n-ísleán éigin - do chloisfeá í 'gá trosáil féin i gcomhair
an bhóthair - agus bhrúchtann sí ar aghaidh ar nós piléar gunna
móir. Má bheidheas duine na beathadhach tigh ná crann
ins an tslighe, caitheann sí i leath taoibh iad mar do
chaithfeá dúradán. Is minic do bhriseann tonn-gaoithe
mar í seo tar an taobh theas d'Ameriocá. Bhris ceann
acu thré cheanntar an tseachtmhain seo ghabh thart, cheithre
fichid slat ar leathad do bhí innte - níor tómhasadh a
h-áirde - agus do mhairbh sí an iomadh daoine agus do sgrios
bealach thríd an gceanntar. Ní cuirtear puinn suime
i n-a leithéid seo de thubaiste i n-Amerioca. Deir na
páipéir - muna bhfuil sgéalta eile acu - go raibh
tornadó annso agus ansadh tintidhe i n-áit eile agus gur
marbhuigheadh beirt nó ceathrar, nó céad, acht sin a
bhfuil. Tá breis deabhaidh nó deifire ar na h-Amerio-
cánachaibh, agus dá dheasgaibh sin is beag an tsuim do
cuirthear thall i mbás nó i mbeatha an duine. Ní h-é
go bhfuilid droch-chroidheach, ní h-eadh i n-aon chor, táid
siad deirceamhail go leór, acht nós is eadh an fhuaracht
méine seo. Deirthear gur gnáthach le gach duine ann
aire thabhairt dá ghnó féin. Is maith an cháil i ndaoinibh
saidhbhris ghríosuigheas iad chum na cáile sin ní mór le
rádh iad. "Leig mise ar tosach agus is cuma liom má
bheireas an fiadh leis an bhfear ndeiridh. Ní fhuil baint
agam leis." Is olc na tréithe a leithéid sin do
dhoirgeacht i ndaoinibh.



Ní fhuil ag na hAmeriocánaibh acht seacht gcatha de
gnáth-shaighdiúiribh. Tá a bhfurmhór so i gCúba agus i
bPorto Rico. Tá cúig mhíle déag acu agus sluagh mhór
de na saighdiúiribh neamh-gháthach i n-Insibh Filipín. Tá
a thuilleadh fear ag teasdáil chum na hInseóirí do
ruagadh agus tá an tUacdarán MacFhionnlaoigh ar mear-
bhall cionnus do geabhaidh sé iad.



Tá cuid mhór de pháipéaraibh Ameriocá ag bagairt
ar an Uachtarán agus 'gá rádh go bhfuil sé ag dul ar aimh-
leas acht tá a thuilleadh acu 'gá ghríosadh chum an
ghnótha. Shaoil an t-Uachtarán go ndéanfadh a shaighdi-
úirí brus de an Filipíneachaibh, acht ní dheárnadar agus ní
fhuil an cogadh críochnuighthe fós. Rinne na hAmerio-
cánaigh iarracht mhór chalma ar dheireadh do chur leis
an gcogadh sul a thiocfadh an seásúr fliuch ins na
h-Insibh acht do theip ortha. Is aimsir mhí-fholláin an
seasúr fliuch. Bíonn an t-eagcruas ins an h-Insibh ar
feadh na h-aimsire sin agus sladann sé na feara fionna
'na gcéadtaibh.



"Bhí gaduidhe am' thigh, sé sin Spáinneach," adeir
an Filipíneach, "chabhruighis liom chum é chur amach, acht
anois measann tusa seilbh d'fhágháil uaim agus buannacht
do bheith agat orm. Ní leómhthair é ámh."



"Geill, is é de bhuaic é - nó déanfaidh sé maitheas
duit; is mar mhaithe leat do thangas ag triall ort,"
adeir an t-Ameriocánach.



D'fhoillsigh páipéar i Nua Eabhrac teachtaireacht
tintreach do chuir MacFhionnlaoigh chum Oitis, taoiseach
an Armáil ins na hInsibh, "druid isteach ins an tír agus
mairbh nó gabh gach Filipíneach ann." Rinne Oitis rud
air chomh maith agus do bhí na chumas agus do réir an pháipéir
úd, an méid do ghabh sé agus iad tar éis géilleadh dhó do
mhairbh iad láithreach. Is náireach an gnó é agus goilleann
sé ar gach duine gur mór leis na hAmeriocánaigh.



Bhí imreas beag idir dream áirighthe darab ainm
Hottentots agus riaghlóir do bhí ortha. Chuir an riaghlóir
teachtaireacht chum a lucht lámhaigh, "ná bíodh cradhsgal
orraibh lámhach." Níor thaitn an teachtaireacht sain
leis na Hottentots i n-aon chor, ní mó ná thaithnigheas
teachtaireacht MhicFhionnlaoigh leis na Filipíneachaibh.



Is beag nách bhfuil deireadh leis an gcúis úd atá d'á
h-éisteacht le fada ag breitheamhnaibh na Frainnce i
dtaobh Dreyfus, agus is é a mbreith go gcaithfidh taoisigh
an áirm an braighde thabhairt fá chóir ceist arís. Is
deártach go sgaoilfear i ndeireadh na dála an fear
bocht, agus ina daoradh i n-éagcóir é i n-ionad duine éigin
eile agus meastar gur daoradh, is mí-ádhmharach an rud
do féin é agus do thaoiseachaibh an airm mar an gcéadna.
Is é an tArm lámh cabhartha na Frainnce agus dá dtug-
faidhe dí-mheas do'n Arm do bhainfídhe tuisleadh as an
bhFrainnc gidh gur deacair tuisleadh bhaint aisde. Tá
sí ríghin, acht mar sin féin is mithid an chneadh gránda
so do chneasúghadh. Tá an chneadh sain ag cur ar an
bhFrainnc le fada acht tá an mháthair-mhuig ag teacht
aisde anois agus beidh fóirithinn feasda ag an tír. Má
chonnarcais othras ag briseadh riamh, tagann - gcead
a chuideachta - an fochall ar dtúis as agus 'na dhiaidh sin
bhrúchtann braoinín bréan-fola as; sin í an mháthair-
mhúig.



Tá Marchand ag baile d'éis a thuruis tarsna na
hAfrice. Do b'éigean do Fashoda d'fhágaint acht
ní h-airsean ba chóir an milleán do chur acht ar
Riaghaltas na Frainnce do thréig é i n-am a riachtanais.
Ní bhéidh dearmad go fóil ar an dtuitim amach do bhí


L. 195


idir an Fhrainnc agus Sasana an uair úd. Tá fáilte mór
d'á chur roimh Marchand agus is beag an iongnadh é mar
is dán an fear é. Tá meas mór i Sasana air leis.
Thug sé óráid uaidh ar teacht i dtír dó ag Toulon,
bealtaine an deichmhadh lá fichead, agus is inmheasta go
bhfuil canncar air i dtaobh Fashoda agus ar na Frannca-
achaibh leis. Dubhairt sé gurab é seo an chéad uair ar
feadh míle bliadhan ná raibh sé i gcumas na Frainnce
masla d'agairt ar a namhaid. Is olc an rud searg
na Frainnce do dhúiseacht agus is ró-olc an rud bheith ag
iomarbháidh léi acht ceapaim nách raibh leigheas air an
uair úd.



Ní dóich liom go bhfuil daoine ar an domhan bhraonach
is cródha i gcath 'ná na Franncaigh. Ní fhuil dream
i Roinn na h-Eorpa fear le fear go mbéadh ionnta
cómhrach leo siúd agus gur bhuaidh na Siairmínigh ortha ins an
gcogadh déidheannach do bhí eatortha. Bhí an buaidh leis
na Franncachaibh ar feadh na gcéadta bliadhain, acht
amháin go mbíodh na Spáinnigh ró-chruaidh dóibh ar uairibh
ins an tsean-aimsir.



B'fhéidir go ndéarfadh léightheoir éigin fán fhiaclaibh,
"thugais d'éitheach." A dhuine mhúinteardha na h-abair
a leithéid sin. Bhí mánlaith. Ná dein ladhbán dhíot féin
gan ghabhadh. Má h-oileadh ar stáiridheach bhreagaigh
tú, ní fhuil leigheas agamsa ort.



Nuair do bhíonn braon óltha ag ar gcomharsain
Seághan Buidhe, deir sé gur gaibh sé féin ar na
Franncachaibh i gcomhnuidhe agus dar leis do chuirfeadh aon
tSasanach amháin an rith an chúigear acu. Fear gaoithe
is eadh Seághan acht máirnéalach maith is eadh é agus is
feárr é 'ná an Franncach ar sáile. Do throid sé go
teann ar tír leo leis, nuair do bhí Éireannaigh agus
Albanaigh na theannta. Bhíodar so fá n-a bhrat in gach
bruighin mhór ó Crecy go Waterloo, gidh gur chuir sé
gach gníomh gaisge 'na leath féin.



Maoidheamhuid féin, ní gan fáth, gur sgaip na
"Géanna Fiadhaine," a shaighdiúirí calma ag Fontenoy,
acht dearmhadamuid - nó b'fhéidir nách raibh fhios ag
cuid againn riamh air - go raibh ós cionn trí mhíle
Éireannach ar tosach na cipe tréine úd fá Cumberland
do dhruid i gcoinnibh na áird ar nós dinge isteach go
dearg-lár fear catha na Frainnce.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services