Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil Árd-Léighinn na Gaedhilge.

Title
Scoil Árd-Léighinn na Gaedhilge.
Author(s)
Ní fios, Strachan, J.
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 561


Scoil Árd-Léighinn na Gaedhilge.



Beidh an Strachánach againn i mBaile
Átha Cliath i mbliadhna arís. Cuirfidh an
scéal so gan amhrus áthas ortha so go raibh
sé ar a gcumas éisteacht leis anuraidh.
Beidh áthas tar barr ar léightheóiríbh an
Irisleabhair, toisc an rí scoláire atá ag
soláthar na Tána dhóibh bheith ag teacht ag
triall orainn arís. Beifar ag léigheamh na
Tána dhá uair san tseachtmhain an fhaid a
bheidh an Strachánach annso. Geobhthar i
n-áit eile cunnntas ar an obair atá lea-
gaithe amach ag lucht stiúrtha na Scoile. Tá
súil againn ná teipfidh ar léightheóiríbh an
Irisleabhair a bheith láithreach. Ní raibh riamh
roimhe seo i nÉireann a leithéid de chaoth-
amhlacht ag lucht foghlamtha na Sean-
Ghaedhilge. Badh chóir usáid a dhéanamh den
chaothamhlacht so, is gan eólas na Sean-
Ghaedhilge d'fhágaint ar fad fé eacht-
rannaigh.



Tá an Dochtúir Cúno Meidhear imthighthe
ar cuaird go dtí an Roinn Eórpa ar
mhaitheas dá shláinte. Tá súil againn gur
gearr go dtiocfaidh thar n-ais go slán
follain.



Tá roinnt aistí ar láimh againn le tamall maith.
Ná bítar ró-dhian orainn. Níl puinn slighe san
Irisleabhar. Deinimíd ar ndicheall chun freastal ar
gach éinne ndiaidh ar ndiaidh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services