Lá breágh do bhí ann, agus do dheallruigh
lonnradh te na gréine go subhach ar thaobh
chnuic agus sléibhe, ar árdán agus ísleán i nGleann
aoibhinn aerach an Fhéidh. Bhí an fhairrge ar
lasadh le gile lae shamhraidh. Do tháinig na
tonnta geala bána diaidh ar ndiaidh ag
léimrigh thar mullaigh a chéile agus rinneadar
fothrom meidhreach ar an dtráigh agus thoir ar
an dtalamh do seinneadh sna coilltibh ceól
binn na n-éan. Acht níor bh'iad ceól na
dtonn is ceól na n-éanlaith an t-aon cheól
amháin do bhí ghá spreagadh 'sa ghleann an
lá úd. Cloiseadh fuaim na píbe go dúbh-
bhrónach truaighmhéileach ag siubhal go mall
ó cheann an ghleanna go dtí an tráigh agus
taobh thiar den phíobaire do lean pobal an
ghleanna go léir beagnach, idir fhearaibh agus
mhnáibh óg agus aosta. Thíos cois trágha bhi
beirt iascairí ag réidhtiughadh báid agus bhí
siad ag féachaint ar na daoinibh ag teacht
amhail is dá mbéidís ag feitheamh leó.
Níor stad an píobaire ná na daoine do bhí
ghá leanamhaint; do ghluais sé ar a aghaidh
nó gur shroich sé an áit n-a raibh an bád
'n-a luighe. Annsin do stad sé agus do stad
an farracht do bhí maille leis, acht níor
stadadh ná níor staonadh de cheól an mhála.
I gceann nóimeide eile d'éirigh guth na
mban ag caoineadh go doilgheasach. I
dtosach an tsluaigh seo tháinig Mac Giolla
Muire agus a bhean. Bhí beirt daoine uaisle
eile i n-éinfheacht leo, fear láidir teann
agus ógánach, mac Mhic Ghiolla Muire. Bhí
triúr buachaillí tuaithe 'na seasamh i ngar
dóibh: agus bhí an cúigear ar fad gléasta
chun turais fhada óir is leó-san do bhí na
bádóirí ag feitheamh chun iad do thabhairt
amach go dtí an long bheag néata úd do
bhí 'n-a suidhe ar dhruim na fairrge tamall
beag ó'n dtráigh mar bheadh marcach galánta.
Níor chuaidh an ceathrar ógánach as radharc
bán-chnoc Éireann riamh go dtí sin agus anois
is amhlaidh a bhíodar ar tí slán d'fhágáil 'ghá
muinnthir ghaoil agus 'ghá gcáirdibh. D'árduigh
na mná árd-ghol agus caoineadh dubhghruamdha
amhail is dá mbadh ar thórramh nó ar shocraid
a bhíodar, óir ní amháin scata ogánach gasta
do bhí ag imtheacht uatha, acht deagh-ghéag de
phríomh-stoc an chrainn dob 'uaisle sugh agus ba
sheanda clú idir chineadhaibh arsaidhe Chonnacht.
Acht má ghoileadar-san agus má chaoineadar ní
mar sin do Mhac Giolla Muire agus dá mhnaoi
mhánla mhaordha. Fear beag borb lán-
uaibhreach do b'eadh é. Dheamhan deór do
bhí n-a shúil féin agus níor leig sé gióg as, acht
féachaint roimhe amach thar muir. Bhí deóra
le dhá chaomh-rosc mháthar an oighre; acht bhí
a malaí tirim. Rug Rághnall ag barróg
dhocht ar a mháthair agus bhíodar ag cogarnaigh
le chéile ar feadh tamaill. Annsin rug sé
gréim daingean ar láimh a athar. "Mhuise,
beannacht Dé leat i gcomhnuidhe, a mhic mo
chroidhe agus go n-éirghidh do bhóthar leat."
D'iompuigh Rághnall ar a chúl agus isteach leis
sa bhád mar a raibh an té ba shine aca ag
feitheamh leó. Do lean an triúr ógánach
eile é, agus bhíodar ullamh. Chonnaic an
t-oighre óg béal a mháthar ag corruidhe go
ciúin, agus is maith a bhí a fhios aige gurab é
"Marthainn Pádruig" do bhí gá rádh aici.
Ar feadh na haimsire seo bhí ceól trom ag
éirghe gan stad as an bpíob mór, agus ní
móide a stad sé anois. Do scaoileadh an
bád agus chromadar na bádóirí ar a maidíbh
rámha, acht ar ndul spás seacht dtonn ó'n
dtalamh dóibh is obann do rith Ruaidhrí Ruadh
ar a aghaidh le fuinneamh agus isteach leis sa
bhád d'éin-léim amháin, gan an oiread agus
nóta nó fuaim de'n fhonn do chur amúdha
san phíob. Sé "Cáth-Cach-Dhroma" do bhí
mar fhonn aige, agus an uair do bhí sé ar
an dtráigh, bhí ag seinnim na roinne sin 'na
gcluintear gol gruamdha na mban ar lorg
na marbh, acht nuair a tháinig se 'sa 'bhád,
do shéid suas go bródach rímhéadach an roinn
eile na gcluintear gártha glórmhara na
droinge do rug buadh. Do lean an bád
ar a bealach. Stad caoineadh na mban ar
feadh nóiminte annsoin cualthas trom-
osnadh na ndaoine do bhí ar an dtráigh.
Cualthas géar-chaoineadh na mban go hárd-
ghlórach agus thuit go lag-bhrónach agus d'éirigh go
mór-ghuthach arís agus do bhuail thar na tonnta
i gcluasaibh na ndeóruidhthe. Gan amhras
ba mheasa cás phobail an ghleanna anois ná
riamh, agus an píobaire do bh'fhearr a bhí sa
cheanntair úd caillte ortha agus iongnadh an
domhain ortha i dtaobh a imtheacht.
Nuair a bhí an long i bhfad ar a slighe go
dtí an Fhrainnc, glan as radharc bán-chnoc
Éireann, bhí na deóruidhthe ag innsint dá
chéile cé an fáth go rabhadar ag tabhairt an
turais sin ó n-a mbaile duthchais agus ó n-a
muinntir ghaoil "Mhuise" arsa Rághnall Óg
"ní raibh fear dem' chineadh go dtí so nach
raibh 'n-a fharaire gasta groidhe agus nar
chuir a chion féin de dhochar agus d'ár ar
Shasanachaibh an fheill. Agus ó nach bhfuil sé
im' chumas geit do bhaint as dríodar
malluighthe Chloinne Lunndain 'sa dtír bhocht
chreachta so tá súil agam go bhfuighead
iarracht ortha i n-arm Ríogh na Frainnce."
"Thug mise grádh do chailin óg" arsa
ógánach eile agus bhí beirt eile 'sa chás cheadna.
'Séard do chuir sí orainn ná dul ar thuras
chun Purgadóra Phádruig ar son anama a
máthar; agus an té do raghadh ann agus d'fhanfadh
ar feadh trí lá ann agus a fhillfeadh ar ais roimh
an bheirt eile, go bpósfadh sí é. Muise,
chuadhmar ann, agus má chuadhmar cailleadh ár
saothar, mar nuair a fhilleamar bhí sí
fuaidhte le sean-Mhicheál na meisce 'gá
raibh maoin is stóras."
"Mise an dara duine de'n triúr sin"
ars' an dara ógánach.
"Mise an treas duine dhíobh" arsa an
t-ógánach eile.
"Anois, cad a thug 'n-ár bhfochair thusa,
san nós miorbhúilteach seo?" arsa Rághnall
Óg leis an bpíobaire. "Tamall beag ó
shoin casadh Colm ciotach orm lá an aonaigh,
agus bhí caidreamh agus caitheamh aimsire againn i
dtigh an tabhairne, eisean ag seinnim ar a
bheidhlín agus mise ag séideadh mo phíob. Acht
fa dheireadh d'éirigh bruighean eadrainn agus
séard a rinneas ná an ceól do leigint as
a bheidhlín le corrán do bhí cómhgarach
dhom; agus muna mbéadh go raibh sé ar dearg-
mheisce do bhéadh a scian sáithte aige im'
mhála. Is fada ata sé ar mo thí anois, acht
ní leigfead-sa dhó baint lem mháilín i nós
go bhfuilim ag iarraidh lóisdín d'fhagháil fá
chumas Ríogh na Frainnce agus na nGeadhna
Fiadhna. Agus níor fhéadas mo rún do
scaoileadh i measc na ndaoine sular
thángas ar bórd mar ní leigfidís riamh do'n
píobaire is fearr sa Chonntae seo imtheacht
uatha chomh furusda sin."
Agus tá a rian air mar glaodhtar Léim
an Phíobaire go coitcheann ar an áit sin go
dtí an lá indiu.
GB. Ó CATHÁIN.
Bhí fonn ar an bhfear gasda baileabhair a
dheanamh de'n fhile. "Cé mhéad uisge,"
adeir sé leis, "sin a thomhais ort, a theigheas
le fána na haibhne, sa ló."
"Is deacair a thomhas na chártaibh
Mar bíonn an sruth láidir luath
Acht an méad nach dtéigheann an áth dhe,
Teigheann sé 'n t-árd ó thuaidh," adeir an
file.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11