Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Seóinín an Ghliogair.

Title
Scoil na Suadh - Seóinín an Ghliogair.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCOIL NA SUADH.



SEÓINÍN AN GHLIOGAIR.



Gleas G. Go meidhreach.



I.



Tá Seóinín an ghliogair ar buile le tamall,
Is míle droch-eascaine ag teacht as a bhéal;
Ó d'iompuigh an cluithche tá a' dul dá chuid teasbaidh,
Mar d'fhúigeadh fé ama na haindeis' é féin.


L. 551


Curfá -
Beidh deireadh fé dheireadh le goithíbh an Johnny,
A choisibheart ait is a leath-rosc leath-chaoch,
A laimhinní 'sa mhaidí ping-pong agus hockey,
Mar ruaigfar a samhail a Banaba Néill.



II.



Tá an donas ar cricket, ní imirthar pas de,
'S ní taise dhon Gholf so bhí tamall fé réim;
Nach mór an adhbhar suilt é mo shlibire gaige
'N-a Ghall is ná mairfadh mar mhairid na Gaedhil!
Acht beidh deireadh agus agus rl.



III.



Do chuireadh an leibide feirc sheana-hata air féin,
Dúidín ar ceangal go daingean dá taobh,
Ailpín 'n-a láimh dheis aige, is feiste de mhaig air,
Le briotaireacht amaide ag magadh fé Ghaedhil.
Acht beidh deireadh, agus agus rl.



IV.



Acht barra gach leimhe dá ndeineann an gaige
Seadh a iarracht ar aithris ar Shambó gan chéill;
Balcaisí strupais is cionnaighthe daithte air,
Birréidín coc-fhada air is casadh n-a bhéal!
Acht beidh deireadh, agus agus rl.



V.



Ní bheidh slighe againne dho-san i nInnis Luirc feasta
Tá a théarma anois caithte 's is maith an rud é;
Ó! fágadh na clis úd, an cricket is Sambó
Fé ghramaraisc Shasanna, is casadh ar Ghaedhil.
Beidh deireadh, agus agus rl.

VI.



Ní ghuidhfidh me tubaist a thuilleadh dhá shracadh;
Cár dhíon dó Ping-pong i n-aghaidh anfhaite 'n tsaoghail?
Tá lá ná raibh coinne aige leis air ag tarraint
'N-a múinfar ciall cheannaigh go mear dhá leithéid.
Beidh deireadh, agus agus rl.

22/4/'04.
TÓRNA.



A leabhar an Niallaigh a Shiocágó is eadh fuarathas port an amhráin tuas. "Nell Flaherty's Drake" a
ghnáth-ainm.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services