Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Réidh-chnoc Mná Duibhe.

Title
Scoil na Suadh - Réidh-chnoc Mná Duibhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Cadhlaigh, Cormac
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCOIL NA SUADH.



RÉIDH-CHNOC MNÁ DUIBHE.



Gléas F. Go ciúin socair. CORMAC Ó CADHLAIGH, Cionn tSáile, do sholáthruigh.



I.



Is fada mé ag gluaiseacht ag cur tuairisc mo ghrádh,
Trí ghleannta dubha uaigneach' am' ruagairt chum fáin;
A


L. 511


samhuil níor bhuail liom cé gur chuarduigheas a lán
Ó Ghlaisín na Tuaithe go bruach geal na mbán.



II.



Is fada mé ag gluaiseacht ag cur tuairisc mná
duibhe,
Chum go bhfeaca uaim suas í ar an muar-chnoc 'na
suidhe;
Ba chrothánach tiugh buacach a cuacha léi síos
Ar a gach taoibh dá guaille dhá luascadh le gaoith.



III.



"Cá tír nó cá háit duit, nó an ar clár luinge bhír;
Má's ar buairt 'taoi suidh láimh liom, 's tabhair slán
fé gach buidhin;
An tú maighdean na mbán-ghlac do thug grádh ceart
do Naois
Nó an cailín ciúin grádhmhar do sciob Páiris do'n
Traoi?



IV.



"Ní héinne mé ar éan-chor de'n meid sin dubhraís,
Acht cailín caoin Gaedhealach ó'n dtaobh eile dhe'n tír"
'Sé dubhairt sí liom "fág mé, ní hádhbhar duit sínn"
Agus uaim-se do léim sí - mar éan ar an gcraoibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services