Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tionól an Leasa.

Title
Tionól an Leasa.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TIONÓL AN LEASA.



Tráthnóinín aoibhinn lé linn na gréine
Do shleamhnughadh síos de dhruim ná sléibhte
Cuir luisne sa' tír le híoghar a gaethe
Go lonnrach, líonmhar, mín-bhog, maordha.



Cois leasa im' shuidhe 'seadh bhíos im' aonar,
A' machtnamh 'sa' caoi ar dhíth na hÉireann,
'S gach aindeise fill dar mhill sa tsaoghal í,
Ó chuaidh fá chuing le buidhin an Bhéarla.



Bhí 'n áit san uain go huaigneach aerach
Gan friotal, gan fuaim acht duain na gcaol-shruth,
An drúcht ag tuitim go milis ar fhéar ghlas
'S gach toradh ag borradh d'éis bhrothaill an lae sin.



A' measgadh mo smaointe trí na chéile
Níor mhothuigheas an oidhche om dhruim ag éalódh
Gur éirigh an ghealach gan sgamaill gan néalta
'S gur chrom ar bhagairt go haibidh na réalta.



Do shiubhluigheas orm go socair na dhéidh sin,
Gur chuala an torann go hobann i ngaobhar dam,
An fhuaim 'san fothram iongantach, éachtach,
Do luaisg go cothrom faoi 'm chosaibh na réidh-chnuic



Do chuireas chum reatha, acht mo dheacair níor léir
dam,
Gach ball dem' ballaibh gan tapa go tréith-lag
Gan lúth, gan acfuinn, gan meanmain, gan aon
phreab
Acht fuaighte dhe'n talamh, nós carraige léithe.



Is gearr go bhfaca a' taisdeal faoi m' dhéin-se,
An maith-shluagh maiseamhail, meanmnach, aerach,
Na táinte, taithiceach, treasamhuil, tréanmhar.
Mar chamthaí calma seacht gcatha na Féinne.



Bhí marcaigh uaisle, uaibhreach, módhmarach,
Ar eachaibh curanta, cuithigeach, córach,
Mear-lúthmhar, éadtrom, caol-chos, ceólmhar,
'S iad gléasta go talamh le eachraibh órdha.



Do bhladhm na soillse mar theintreach caora,
'S d'eirigh am' thimcheall cúirt bhreagh, aoldha,
An chúirt ba bhreághdha 's b'áilne déanamh,
Dá bhfaca súil o thúis an tsaoghail so.



Bhí grianán aerach ar thaobh na cúirte,
Ar nós gath-ghréine go néamhrach, lonnrach,
Bainríoghan mhaordha shéimh na suidhe ann
Gan coróin gan sgléip acht a craobh-fholt sgaoilte.



Ba dhoilbhir, duairc, ba bhuadhartha, brónach
A gnaoi fá ghruaim, go deacrach, deórach
Brat glas-uaithne de'n tsról ba dhaoire
Leathta ar a guailnibh mánla míne.



Do bhailigh mór-dtimcheall gan mhoill na slóighte,
Sliocht Éibhir caoin de bhuidhin na Fódla,
An ghasra ghroidhe le na linn ba threórach
I dtréithibh, i ngaois, i ngníomh 's i n-eólas.



Na righthe ba thábhachtmhar, táisgeamhail, óirdhearc,
Dáimh is draoithe, taoisigh, mór-fhlaith'
Na laochra líomhtha gan mhaoidheamh gan mhórtas
Nár staon 's nár stríoc i gcoimhéasgar slóighte.



Bhí Ollamh Fódhla ba mhórdha cáil, ann,
Is Cormac Mac Airt thug dlighe gan cháim dúinn
Conn Céadchathach i dtreasaibh ba dhána
'S Niall ba thréine, Laoghaire is Dáithí.



Bhí Cúchulain an curadh ba thréine
Is Fionn Mac Cumhail ann, clú na Féinne
Brian Bóroimhe ceann-urraidh na laochra
Do léirsgrios Danair i gCluantairbh gan faoiseamh



Bhí Seaghán is Aodh Ó Néill ba chródha ann,
Ó Súilleabháin Béara 's gan bhréag Ó Domhnaill
Ó chruthughadh na cruinne, níor chruinnigh ar aon bhall
Maith-shluagh ba chirte, ba chliste, 's ba chéimeamhail.



D'éirigh an bhainríoghan, mhodhamhail, tais, mhíonla
'S ba bhinne ar a beól ná ceól na mín-chruit
I bhfriotalaibh mílse bríoghmhar Gaedhilge
Do labhair mar leanas go banamhail, béasach



Éire :



"A chlann 's a chairde ghil mo chléibh
Do b'aoirde céim, cáil, is clú,
Cé fann atáim le cian gan réim,
Ag bearta' claon am' chur amudha.



"Tráth a bhíos im' ríoghan bhuadhach
Gan díth, gan duairc go séanmhar, sóghach
Neamh-spleadhach gan bheann ar neach sa' domhan,
Cé táim go fann i ngalar dóbhach.



"Gur thárla orm faraire fill,
Faol-chú fíoch i gclódh an uain,
Gur mheall mise le cleasa' duibheacht
D'fhág mé gan ríoghacht, sin fáth mo dhuain.



"A cháirde chroidhe nach cruaidh mo chás,
'S gan fhios ag cách ar thrian mo thruagh
Im thnáth, 's im' shnoighe ag geócach buidhe
Chuir cnead am' chroidhe fa ndéar mo dhuadh."



Annsoin seadh chonnac an dul trí chéile
An cogar mogar an faire 's an fhéachaint,
Nuair éirigh conartach coraiceach, crón-dubh,
Do thug sin fréagra 's ba gharg a ghlórtha.



Seaghán Buidhe:



"Go réidh so, a bhean! glac stuaim,
Ní dual duit bheith ag maslughadh mo cháil
Níor thánga im chuireadh gan iarraidh
Chughaibh-se riamh go hInnis Fáil.


L. 480


"Do dhaltha féin d'iarr mé anall,
Is dearbhtha gur chall mo theacht,
Mar bhí do chlann-sa allta, fiadhain,
Gan bráigh-gíll, srian, ná smacht.



"Le grádh do Dhia, le gean duit féin,
'S gan bhréag ar mhaithe led' chlainn
'S eadh thána'-sa ar dtúis mar mhaor,
Ar do thír glas féarmhar mín."



Éire:



"Mo chumha, mo creach, mo ghalar dubhach!
Mo thuirse an lá chonnac do chraos!
Is truagh nár dhomh-sa sa'n uaigh
Sul ar luadhadh mé le cladhaire claon.



"D'fhág mé gan rachmus, réim, ná clú,
Do mhill, mo chumha! mo lúth 's mo neart,
Do sgrios mo thír le gorta 's ár,
'S do chuir chum fáin mo bhuidhin tar lear."



Seaghán Buidhe:



"Dá mb'áil led' chlann bheith urraimeamhail,
Úr-ísiol, umhal mar dhóibh budh chaoi,
Ní bheinn-se ortha dian ná docht,
'S go bráth níor bhaoghal dóibh duadh ná díth."



Éire:



"Níor chrom mo chlann a gceann fós riamh
D'aon bhodach iasachta mar tú,
Cé laguighis iad le feall is faobhar,
Tá spiorad na saoirse n-a gcroidhe go dlúth."



"Ní fhuil cnoc ná gleann ná ball sa tír
Gan fuil mairtírigh a' leasughadh an fhéir,
Ag sgreadadh ar Dhia chum díoghaltais,
'Bé luath nó mall gheobham sásamh géar"



Seaghán Buidhe:



"Is follus gur bodhar atá Dia 'guibh,
Óir níor fhreagair riamh do ghearán,
Mar táim-se ag borradh 's ag at,
Is sibh-se gan treóir ar seachrán."



Éire:



"Cé go bhfuil Dia foidhneach gan gó,
Ná bíodh agat an-dóchas ró-dhán,
'Fachtar gach laoch i n-aisge,'
Agus claoidhfear tusa mar chách."



Seaghán Buidhe:



"Maithimís dá chéile feasta,
Ní fhuil tairbhe dúinn in easárd,
Is fearr bheith cuibhrseach, carthannach,
Ná ceannairic gan bhun gan bhár.



"Scaraimís le chéile," ar siad,
"Sin é an réiteach is buain',
Tugaim-se druim mo lámh leat,
Ó i ndiu go dtí lá an Luain."



Bhíodar ag casadh is a' bearradh gan staonadh,
Gan focal dá mhaitheamh 'g an dís dá chéile,
Nuair éirigh stoirm ar nós sidhe gaoithe,
Do ghlaodhaigh an coileach agus mhúch na soilse.



Fuair an aiste so an tarna duais i nOireachtas,
1901. Badh mhór go léir an truagh gan é bheith i gcló
againn, ar a ghontacht ar a shlachtmhaireacht, agus
mar gheall ar an réim bhreagh filidheacht atá ann, béidh
súil againn le tuilleadh dhá shaghas so ó'n ughdar
gcéadna. - F. an I.



I.



Nuair smaoinim ar shaoithibh na hÉireann,
Ar sgrios na tíre is ar dhíth na cléire,
Ar bhás ár ndaoine faoi n-a dtréithibh,
Bíonn mo chroidhe im' chliabh dá réabadh.



II.



Taréis na dílge faoi mar léightear,
Níor mhair puinn de'n chine daonda,
Nár bhádhaigh neart an tuile tréana,
Acht deir Lonaidheacht do mhair san Éigipt,
Partholán nár bhádhaigh an déilge,
Ní hé a ruth ná a shnámh a thug ré do,
Acht toil an Árd-Riogh b'É siúd Éire.



III.



Nuair chaith Noah arís gan bhaois gan bhreágadh,
Mórán aoise i gcrích a shaogail,
Chuaidh sé go limbo ag féachaint Éabha,
Is d'fhág sé agá chlann an domhan braonach.

IV.



An Asia thoir fuair Shem mar chéad chuid,
An Aifrice theas a fuair Ham nár naomhadh,
Thuit an Eúróip cum Iáphetus,
Is thógfainn-se mar roinnt an chuid déidheanach.



Sin sliocht as Aisling Sheagháin Uí Chonaill agus dar go
deimhin is é an feall ná cuirtar i gcló í go léir.
Tá Gaedilig bhlasta shnasta chasta innti agus rud ní
b'fhearr ná sin, tá stair na hÉireann ó chruthughadh an
domhain go dtí linn an ughdair innti.



Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaobh Bhainstighe
go dtí an Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid
Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services