Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Misneach.

Title
Scoil na Suadh - Misneach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 470


Scoil
na
Suadh.



Misneach.



Gléas G. Aimsir mháirseála. 988, i Leabhar Phétríe,



I.



Preabaidh feasta a Chlanna Gaedheal,
'Aicme d'fhuiling peannaid ghéar,
Fada linn go meathta an tréad,
Aibidh cliste i gcómhlann,



Curfá.
Glacaidh misneach daingean cléibh,
Seachain clis na nGall - a - bhéas;


L. 471


Dar an bport, seo breacadh 'n lae,
I dtaisteal chughainn go módhmhrach.



II.



Caithfam deocha is dramanna uainn,
Taithighe tighthe leanna ar cuaird,
Beart d'fhúig sinne i bhfad i nguais
Treascartha gan treóir mhaith.



Curfá.



III.



Leathaimís i bhFearann Lughaidh
Fearamhlacht is cleasa lúith
Measardhacht is greantacht clú
Bhanba 's a slóighte.



Curfá.



IV.



Banba bun is barra an scéil
Gabhadh cumann-searc gach n-aon;
Cá bhfuil cion is meas na nGaedheal?
Faire, bídh go beódha!



Curfá.



V.



Seasaimís go neartmhar tréan,
Labhraimís ár dteanga féin;
Leanfaidh sonas rath is séan
Feasta ó Rígh na gcomhacht dúinn



Curfá.



Tórna.




I.
Maidin tsamhraidh roimh éirghe Féabais,
Is mise im aonar ag siubhal ná Suidhe,
Cois abhainn Airglinn mar ritheann méith-bhric,
Is an bradán gléigeal le fagháil sa linn.
Bhí ceól fiolar ann, seabhach is féithe,
Faoileann naosgach is cearca fraoich,
An lon sa' smóilín ag seinneamhaint bhéarsa,
Is an chuach go haerach ar bhárr na craoibh'.



II.



Shuidh mé síos seal ag éisteacht
Le guth na n-éanlaith ag seinneamhaint ceóil,
Is gach nóta a gcuiridís i dtuisgint dá chéile
Ba bhinne ná an téad is ná an bheidhlean nua.
Níor bhfada gur labhair an ceann dob aosda
Des na féithibh leis an muinntir óig,
Ní fada an lá go mbeidh an báire ar mhéirligh,
Is clanna Gaedheal bocht faoi reachtmhas mhór.



- sliocht as sean-amhrán.


L. 472


19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services