Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cneamhaire.

Title
An Cneamhaire.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 349


AN CNEAMHAIRE: Una Ní Faircheallaig do
sgríobh: An Cló-Chumann agus M. H. Gill agus a
Mhac.



Seo leabhairín eile tagtha chugainn ó láimh Úna Ní
Fhaircheallaigh. Tá fhios ag Úna cionnus sinn do
chomhairliughadh. Shíl sí gur theastuigh uainn ár
gcomhairliughadh i gcoinnibh imtheacht linn go dtí
Aimeirce. Tá soin ag teastáil uainn gan meara-
thal, annsoin do shuidh sí síos agus do sgríobh sí an
scéilín seo. Ní fhéadfaimís an scéilín a léigheamh
gan an chomhairle a thabhairt fé ndeara. Tá feabhas
ag teacht ar an ughdar, acht n-a dhiaidh soin is uile
ní'l "An Cneamhaire" gan locht, agus dar ndóigh
ní'l saoi gan locht.



Irish in a Dublin School. - Sid í an tuairisc do
thugann Máire Ní Chillín agus Pádraig Mac Piarais
ar chuaird do thugadar ar an scoileannaibh i Sráid
Sheagháin i mBaile Átha Cliath, chum na leanbhaí do chur
fé scrúdughadh. Fuaradar amach go labhartar
Gaedhilg leis na leanbhaíbh i rith an lae. Sin rud ná
deintear i gcuid de sna ceanntaraibh Gaedhealacha
féin. Ní hiongnadh go mbeadh mór-chúis ar an Athair
Mac Aindréis as na scoileanna atá fé n-a churam.
Tá an rud ceart dá dhéanamh ag an Athair Mac
Aindréis. Tá múinteóirí Gaedhealacha aige.
Sin í an tslighe chum Éire dhéanamh Gaedhealach i
gceart arís.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services