Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Early Institutions of Ireland.

Title
The Early Institutions of Ireland.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 315


The Early Institutions of Ireland. By FLORENCE
O'SULLIVAN, Solicitor, Kinsale. Dublin : Hodges,
Figgis & Co., Ltd. Price One Shilling.



Mánail beag deas is eadh é seo. Tá Mac Uí Shúil-
leabháin ag cur síos ar shean-dlighe na hÉireann agus an
deifridheacht do bhí idir í féin agus an dlighe atá ar bun
anois annso. Tá mórán eólais fé bheagán focail
ann, agus ba mhaith an rud do gach éinne bheidh ag dul fé
scrúdughadh san "gCéim Oide" an leabhar so do
léigheamh.




The Legends of the Holy Grail. By Alfred Nut.
London: David Nutt. 6d.



Leabhairín ag baint le sean-scéaluidheacht is eadh é
seo. Tá sé ag cur síos ar shaghas áirithe sean-scéalta
ar a dtugtar an Holy Grail ortha. Tá mórán díobh
i nGaedhilg. Is é an saghas scéalta agá ionnta 'ná
na cinn n-a gcaithfidh an mac ríogh rud éigin do sholá-
thar; agus instear gach buaireamh agus cath da ngabhann
tríotha chum an rud áirithe seo d'fhagháil.



Greann na Gaedhilge. Cuid II. Énrí Ó
Muirgheasa do scríobh. Pinginn, a fhiacha.



Is é seo an deicheamhadh ceann de na Leabhairíníbh
Gaedhilge le haghaidh an tsluaigh, atá dá gcur amach
ag Connradh na Gaedhilge. Tá cheithre chinn fichead
de ghiotaíbh beaga greannmhara ann i gcanamhaint
bhlasta Chonntae Mhuineacháin. Tá foclóir i ndeireadh
an leabhair 'n-a bhfuil míniughahd curtha síos ag
an ughdar ar an puintíbh cruadha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services