Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAos Óg.

Title
An tAos Óg.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 218


AN tAOS ÓG.



Táimíd ceaptha ar iomaidheacht do bheith againn i
gcóir an aosa óig ó am go ham. Tá súil againn go
n-eireoghaidh linn annso chomh maith is tá ag eirghe
linn san iomaidheacht eile. Táimíd ag iarraidh anois
ar aithreachaibh agus ar mháithreachaibh agus ar oidíbh scoile
cuidiughadh linn chum na ngarsún is na ngirrseach do
chur ag scríobhadh.



Is í an cheist ar scríobhfaid ná "An tslighe 'n-ar
chaith mé an Nodlaig."



Scríobhtar litir ar an gceist úd agus seoltar
ag triall ar "Fear-eagair, Irisleabhar na
Gaedhilge, 24 Sráid Uachtar Uí Chonaill, i mBaile
Átha Cliath," roimh Lá Fhéile Brighde.



Cuirfimíd "An t-Áilleán" ag triall ar an
ngarsún is fearr, agus an leabhar céadna ag triall
ar an ngirrsigh is fearr.



Caithfimíd dearbhughadh d'fhagháil i n-éinfheacht le
gach litir ó athair nó ó mháthair nó ó oide scoile gach
leinbh, dá rádh gurab é an leanbh féin do cheap agus
do scríobh í; agus nach raibh an leanbh céadna os cionn
sé bliadhna déag ar an gcéad lá d'Eanair, 1903.
Beidh súil againn le mór-chuid litreach, agus beidh cead
againn éin-cheann díobh is maith linn féin do chur i
gcló.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services