Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cliar agus Tuath

Title
Cliar agus Tuath
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 27, 1899



Cliar agus tuath



Is maith mór an sgéal é, an Cáirdinéal Ó Maoil-
Mhaodhóg, comharba Phádraig, príomhfháidh agus ceann cléire
Catoilicighe na hÉireann do bheith ina cheann suidhe ar
an Oireachtas so chugainn. Gaedhilgeóir ó'n gcliabhán
is eadh an t-eaglaiseach mór so. Dá mbadh fíor é, agus ní
fíor é, gur cabhair do dhuine an Ghaedhilg do chaitheamh
ar a chúl agus bheith i dtaobh leis an mBéarla amháin - dá
mbadh fíor é, agus ní fíor é, go n-éirigheann an saoghal níos
feárr leis an mBéarlóir ná leis an nGaedhilgeóir, -
ó 's Gaedhilgeóir an Cáirdinéal budh chóir go mbeadh
gach sagart i nÉirinn atá gan Ghaedhilg ina phápa.



Roinnt bhliadhain ó shoin, bh'é caint ba ghnáthaighe i
mbéal daoine, go raibh an Eaglais i n-aghaidh na
Gaedhilge. Ní féidir sin do rádh feasda. Tá formhór
na n-easbog gCaitoiliceach ag gabháil go cáirdeamhail
muinnteardha le lucht cosanta ár dteangadh dúthchais.
Tá plúr agus sgoth na cléire fabharach dúinn. Cliar agus
tuath guala ar ghualainn, ní baoghal dúinn an námha is
measa agus gan dá chuid dó dhéanamh d'á dhícheall dó.
Béarfamaoid buaidh de dheóin Dé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services