Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Fórnocht.

Title
Scoil na Suadh - Fórnocht.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Néill, Éamonn
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 430


SCOIL
NA
SUADH.



FÓRNOCHT.



Go mall. Éamonn Ó Néill, Cionn tSáile, do sholáthruigh.



Mo shlán-sa cuirim chun Fórnocht, 'Sé baile beag an tséin; Mar is
ann do togadh go hóg me, Gan uireasba puínn sa tsaoghal. Go
dtáinig chúghainn le fórsa Seóirse Braodsier Craé, Is do


L. 431


rua-gair sé na cómhur-sain Do b' fhearr do shiubhluigh féar.



II.



Dá maireadh mo dhritháir Dómhnall
Do bheadh aca malairt scéil,
Mar dá mbeadh a sheilbh tógtha
Do gheobhaidís grán is piléir;
Tá a thigh anois go huaigneach,
'S é féin ag tabhairt an fhéir,
A cháirde gaoil dá ruagairt,
Is iad i bhfad i gcéin.



III.



Is deas an baile Fórnocht,
Is breágh é a aer is a scéimh,
Bíonn an t-aifrionn lá Rí an Domhnaigh ann
Is an sagart go humhal dá léigheadh,
Bhíonn an siúinéir is an gabha ann,
An gréasuidhe 'gus an saor,
An smólach binn sa ghleann ann -
Agus inseacha chun féir.



IV.



Dá siubhalóghainn-se go hEóchaill,
Is ar soin go ciumhais Loch Léin,
As soin go dtí Tigh Mhórdha
Is as soin go Talamh an Éisc;
Go Mainistir na nÓrdha
Is as soin go duthaigh Uí Néill,
Aon bhaile beag mar Fórnocht
Ní bhfuighinn im shiubhal go léir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services