Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht - Cnocáinín Aorach Cille Muire

Title
Filidheacht - Cnocáinín Aorach Cille Muire
Author(s)
Tadhg,
Pen Name
Tadhg
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht



Cnocáinín Aorach Cille Muire



Is buachaillín mise do shiubhluigh a lán,
'S do chonnac-sa na h-áiteanna is deise
Bhfuil ó Cárraig na Siúire go Doire na mbád
A meas a gcáil a's a dtuigsint
Ní'l aon Chuigeadh no deagh-bhaile breágh
Dá bhfeaca-sa im' shlubhlaibh gur bh'fhiú liom le rádh
Ná dá bhfeacha lein' shuilibh, aon duthaigh chomh breágh
Leis an stát so go nglaoidhaid siad Cill Mhuire air.



Annsain a bhíonn cuirlin mion-ch'lúir a's faoileáin
Ciarisigh cearca fraoigh agus druide;
Aonguis (?) is íobára (?) geala fé bhláth.
'S gur bh'fhonn liom le h-áireamh an doire.
Fuaim ag an gconairt d'á leigint chum fiadhaigh
Is uaisle na cruinne ar marcaibh na ndiaidh
Adharca d'á séideadh 's na céadta hurra
Ar Chnocáinín aorach Chille Mhuire.



Annsain a bhíonn uaisle go huaibhreach i ngléidh
Mar léigheadar na hughdair is cliste;
Spórt agus aoibhneas rinnce agus ras
A's ceolta breaghtha d'á seinm,
Gasra ghádhmhar gur bh'fhonn liom le rádh
Ar mhachaire an chuimheasgair ná striocfadh do'n namhaid
Sin deire lein' ghníomharthaibh acht líontar chughainn cárt
Agus ólfamaoid sláinte Chille Muire.



(Ó Phádraig Ó Niatháin, Comhairleach Tuathach, ó Chill
Mhuinneáin, Béal-Átha-an-Fhín, Béal na Cáirrge, is
eadh fuaras an t-abhrán thuas.)



Tadhg

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services