Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - An Túirnín Lín.

Title
Scoil na Suadh - An Túirnín Lín.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCOIL NA SUADH.



AN TÚIRNÍN LÍN.



Gléas d. Go héadtrom aerach. Ceól as Leabhar an tSeóighigh.



An bhliadhain sul ar phósas stór mo chroidhe, Ba
ghairid mar lón aici sé púint lín, Acht ann-soin nuair phósas is
chuadhmair i dtigheas, Bhíodh bun ag á púnt i gcionn trí mhí.


L. 351


Och mo Bhean is mo chlann is mo thúirnín lín, Mo
chúpla púnt nó dó gan sníomh, Dhá lá n-a luighe 'n-aghaidh
lae n-a suidhe, Is go dtógaidh Dia dílis a cúram díom.



II.



Nuair a mheasas gur thoghas-sa togha mná-tighe,
Go tais is go modhamhail is n-a rogha thar díogha,
Ní hamhlaidh a bhí acht an folc n-a croidhe,
Do leag me im' cheann gan mheamhair gan bhrígh,



III.



Tá bean agam féin is nár mhairidh mé í
Nár mhairidh sí agam is nár mhairidh mé í
Dá mb'éigean dom Éire do shiubhal le n-a cloínn,
Go rabhad fé n-a cróchar i gcionn trí mhí.



IV.



Nuair théidhim go Corcaigh le céad do'n im
Ní smearthar mo bhróga i gcóir na slighe
Acht fear de na cómhursain i gcúinne an tighe
'N-a chodhladh go sámh go headar-shruith buidhe.



V.



Nuair airigheann sí me féin ag teacht chum an tighe
Teine mhaith mhóna cuireann sí síos
Stiúruigheann na leinbh ar fuaid an tighe
Agus scaoileann ar siubhal an túirnín lín



Och mo bhean is mo chlann is mo thúirnín lín
Mo chúpla púnt go deó gan sníomh
Tobac ar a bais is píopa len' ais
'Sir cuma sa 'n domhan cá ngabhann an cíos.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services