AN tAOS ÓG.
Sid í litir Mháire Níc Chraith ó Liosdúin-
bheárnaigh i gCo. an Chláir. Bhuaidh Máire
an dara duais i n-iomaidheacht na ngirrseach
agus má tá páistí eile na scoile i Lios-
dúinbheárnaigh chomh maith le Máire Níc Chraith,
ní'l baoghal air ná go ndéanfaid gníomh ar
son Éireann fós. Ní'l Máire thar deich
mbliadhna d'aois fós, acht taispeánann a
litir cad is féidir a dhéanamh ar son fíor-
náisiúntacht ins na scoileannaibh náisiúnta
féin, acht iad d'oibriughadh mar badh cheart.
Cuirfam iomaidheacht eile ar bun i gcóir an
Aosa Óig i gcionn tamaill.
Liosdúinbheárnaigh,
22 Eanair, 1903
A dhuine uasail, - Tá an Nodlaig thart agus is í seo
an tslighe ar chaith mé é. Fuair sinn ar laethibh saoire,
ar 19 Mí Nodlag, agus ní raibh ceist againn ar nídh
ar bith acht greann a dhéanamh dhúinn féin. Ar na
laethibh tosaigh bhí sinn ag rith ins na páircibh ar shon
go raibh siad tais agus bog. Oidhche Nodlag las mé
an solus mór ar son breith Íosa, agus do chaith sinn
am fada, ag léigheadh scéalta Gaedhealacha. Chuaidh
mé go Aifreann ag an naoi chlog agus do sheinn mé
an tAifreann le páistí eile na scoile lá Nodlag.
Bhí rásanna i mbaile beag nach bhfuil a bhfad uainn
agus bhí an-lá againn annso mar bhí an lá go breagh.
Is mé, le meas mór,
Do chara,
MÁIRE NÍC CHRAITH.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11