Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Udhacht Pháidín Toirdhealbhaigh.

Title
Scoil na Suadh - Udhacht Pháidín Toirdhealbhaigh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Clanndiolúin, Séamus
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 330


Scoil
na
Suadh.



UDHACHT PHÁIDÍN TOIRDHEALBHAIGH.



Gléas F. Go meidhreach. Séamus Clanndiolúin, do sholáthruigh.



A-nois i dteacht a' tSamh-raidh déanfhaidh mé m'udhacht, Agus
raghad ar mo ghlúnibh dtí'n sagart, Is roinnfidh mé'n Mhumhain idir
scafair íbh sugach Fad mhairfidh éan lughad ar mo theangain. Ag


L. 331


Aindrias Bán bíodh Innis tighe Máin, Is a bhfuil ó Challáin go
Bunraite. Chúig mhíle 'n-á láimh le roinnt ar bhochtáin Agus
tuillfidh sé grásta na bhflaitheas.



Ag Agustín Críonna bíodh maithe na tíre,
Níor mhór dó luach fíona 'gus leanna,
Mar caitheann siad mí ann ar meisce gan cuimhne
Is a lán de'n chois-mhuinntir 'na n-aice.
Gheobhaidh sé chúig mhíle de'n airgead síos
As banncanna an Ríogh bhéas a tharraingt;
Is bronnaim dá mhnaoi mar phroperty choidhch'
A bhfuil ó Bh'l'áth 'n Rí go Cionn-Mhara.



Ag Donnchadh Ó Cathail fágaim talamh is áitreabh -
Níor chóir dham é cháthadh gan dada -
Cotha 's Coilleán is na Sean-Túirligh bána
Agus bun agus bárr Bhaile-Ghaistil;
Gach a bhfuil bán anoir ó Chill-Tártain
Go ndeaghaidh sé anall le Cinn-Aille
Siúd faoi n-a láimh gan pinginn go bráth
Nuair dh'íocfaidh sé cárt uisce-bheatha.



Ag an Brianach 'sa chlann bhí riamh ins an n'Gleann
Mar a mbíodh greann agus aiteas,
Aimsir gach dream a bheith 'screadach le call,
Siúd iad a bhí teann ann mar charaid:
Bronnaim dhóibh siúd an Rabhachán 's an Cúmhad,
Oileán-na-Súile 'gus Poplar,
An Chros is an Chúirt, gan pinginn gan púnt,
Is cead fiadhaigh an lár Mumhain gan aon taxes.



Anois, dar go deimhin díbh, tá mo phroperty roinnte
Go dtí leathad béil adhairce de thalamh,
Botháinín faoi phuill agus laig in a dhruim,
'S mé im' dhalladh gan radharc ag an ndeatach.
Tá súil agam fós le huaisle i gClár Fódla
Go bhfuighidh mé sórt áitreabh feasta
As súd go dtí an Spá nó go h-Inis-tighe-Máin,
Is go mbeidh mé im' phléráca lem' phractice.



Ar maidin Dia Máirt bíodh an sagart ar fagháil,
Gheobhaidh mise bás chuig' an tSathrainn;
Cuirigidh faoi chlár mé ag doras tighe an tábhairne
Mar ba mhinic mé i bpáirt le mná an leanna.
Nuair a gheibhinn-se spailp cháirde, d'ólfainn mé mo
sháith dhe,
Is ba minic na báillí am' stracadh;
'Nois, ó thárla faoi ráidhte, ólaigidh bhur sáith dhe,
Agus cuirigidh cáirt de lem' anam.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services