Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Caoineadh Aonghuis Draoi.

Title
Scoil na Suadh - Caoineadh Aonghuis Draoi.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 232


CAOINEADH AONGHUIS DRAOI.



CONALL CEÁRNACH cct.



Och! mo chéasadh
Is m'orchradh déarach,
Thú dhul d'éag uaim,
I bhfad i gcéin uaim,
A chara 's a laogh ghil!



Gan duine dod' mhuinntir
Ná cara ba ghaoil duit -
Ná féin Draoi 'gat -
Do sheasfadh taoibh leat,
Is tú thógfadh aníos thú
Ar leabaidh do phíonais;
Acht an t-an-bhás coimhtheach
Ag foluamhain id' thimcheall
Gur sgiob 'na líon thú.



Is lag a shaoileas
I dtosach na bliadhna
Is mé i n-éin-tigh leat,
Go mbeifeá sínte
I lár an Gheimhridh
Go fuar faoi líogaibh
A Aonghuis dhílis!



Roimh lá, dá bhfuighinn-se
An tásc do chlaoidh mé,
Rachainn gan mhoill chughat
Go Teach an Stíonaigh;
Is do lámha d'fhillfinn
Go sámh ar t'fhíol-ucht;
Is bláith-fhleasc shníomhfainn
Ós cionn do chaoin-chuirp,
A ghrádh mo chroidhe 'stigh!



Is nach breagh gur léigheas-sa
An Phaidir Ghaedhilge
Ag do leabhaidh dhéidhionaigh
Ag dul faoi chré dhuit,
Cé gur dhoiligh dham féin siúd,
Is feasta go n-éagfad
Bead bocht id' dhéidh-se,
A chroidhe na féile!



Slán agus céad leat
Go lá an Réitigh,
A Bhláith na dtréin-fhear!
Is grádhmhar glaodhfad
Ar Shlánaidhe an tsaoghail,
Ar a Mháthair ghlé-ghlain,
'S ar Phádraigh naomhtha
Apstal na hÉireann,
T'anam do shaoradh
'S do thabhairt ó phéineadh
I ndeireadh do théarma,
Is ar maidin an Lae Úd
Go gcasfam le chéile
I n-áitreabh Dé dhil
I láthair an Éin-Mhic
I n-Árus na Naomh ngeal.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services