Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Forus Feasa ar an Lios Dubh.

Title
Forus Feasa ar an Lios Dubh.
Author(s)
Ua Cearbhaill, Pádraig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FORUS FEASA AR AN LIOS DUBH.



TÁ an Lios Dubh ar a
shuidhiughadh idir Áth
an Urluidhe i gCon-
dae Chille Cainnigh agus
Cill-cúile i gCondae
Thiobrad Árann. Tá
an áit féin i gCondae
Thiobrad Árann, agus i bparóiste Ghuirt na
hUamha. Ba leis na Maitiúachaibh am éigin
é, acht do cheannuigh an Breitheamh Scott,
céad Iarla Chluana-meala, uatha í, agus tá sí
ag an dteaghlach sain fós. Dob' iad deagh-
thighearnaidhe na talmhan iad i gcomnuidhe.



Éirigheann an abha atá idir an dá chondae,
nó, tosuigheann sí a ruith, i gCnocaibh Chille-
cúile, idir an Bogán agus an Raithneach Mhór.
Scarann an t-uisce 'san áit seo, ag ruith go
dtí an taobh thuaidh, cois an Leasa Dhuibh, go
hÁth an Urluidhe, agus an chuid eile dhe, go dtí
an taobh theas, go Callainn. Tugthar "Abha
na Muimhneach" uirri sin mar ainm. Is í
"Abha an Ríogh" í i ngar do Challainn, agus
ritheann sí isteach ins an Fheóir idir Callainn
agus Cill Chainnigh. Éirigheann an "Ghabhal" i
gCnocaibh Chille-cúile agus ritheann trí Chill
chúile, agus 'na dhiaidh sin idir an Lios Dubh agus an
Úir-áird go hÁth an Urluidhe mar a gcastar
an abha eile uirri, agus rithid 'na n-aonar cois
Bhaile Sheagháin, agus rómpa, go dtí an Fheóir.



Do tógbhadh Mainistir Chille cúile ar
ceann de bhruachaibh na Gaibhle i dtosach an
treas chéad bhliadhan déag. Tá cuid di 'na
seasamh indiu. Do tógbhadh mainistir eile
ins an Úir Aird ar cheann d'á bruachaibh, agus
tá cuid di 'na seasamh i ndiu.



Tá an Lios, nó an ráith i dtalamh na
nIceadhach, i ngar do Chill chúile. Bhí Reach-
taire Chille cúile darbh ainm an Blácach 'na
chomhnuidhe ins an ráith sin tá tuilleadh agus
céad bliadhain ó shoin ann. Tá cúinne, nó
ceann de bheannaibh a thighe 'na sheasamh i ndiu,
agus tugthar "Sean-chaisleán na nIceadhach"
air mar ainm.



Thug an Déadhain Suift oidhche 'sa' tigh sin
ar a thriall ó Chaiseal go Cill Chainnigh, acht,
ní'l an bóthar ar ar shiubhail sé ann anois.
Tá an domhan uile athruighthe ó'n am sain.
Tá cuid den bhóthar le feicsint ar an dtaobh
thuaidh de Chnoc Móna na mBlainsíleach.



Innistear an scéal so.



'Nuair bhí an Blácach 'na chomhnuidhe san
Lios Dubh, do bhí amadán 'na chomhnuidhe 'san
tigh aige. Thángadar scata fear chum an
tighe oidhche amháin le n-a shlad. Dubhairt an
t-amadán go raibh aithne aige ar chuid de
na fearaibh. Do scaoil ceann aca peiléar
leis, agus mharbh é. Do thuit cuid d'fhuil an
amadáin ar an bhalla. Do thiormuigh an


L. 177


fhuil, agus d'fhan air ar feadh aimsire fada.
Deir daoine atá beó indiu, go bhfeacadar an
fhuil ar an bhalla, .i. an pháirt sin de'n tigh
atá 'na seasamh indiu.



Do bhí thobar beannuighthe ins an fheirm seo,
ar a raibh "Tobar na Cairrge" mar ainm.
Do thigidís aonaránaigh chum an tobair seo
le hadhradh, agus daoine tinne le n-a léigheas.
Do thigidís ó íochtar an domhain go huachtar
an domhain, agus do shiubhlaidís i dtimcheall an
tobair ar a nglúnaibh, agus dheinidís cráibhtheacht
i modhaibh éagsamhla, agus do théidhidís abhaile,
slán, sláinteamhuil. Do scuir an obhair seo,
ámh, agus i gceann scathaimh aimsire do líon an
tobar de chlocaibh; acht, go deimhin, níor
líon, óir, eirgheann an fíor-uisce go láidir
an uile gheimhreadh agus táid na clocha ag tuitim
níos doimhne gach uile lá.



Tá bán glas cois an tobair úd ar a raibh
"Bán glas an tSaortha" mar ainm, agus deir-
tear go raibh a mbóthar ag na Daoinibh Maithe
ag críochnughadh an bháin sin. Do thionólaidís
na daoine ar an bhán soin nuair do thigidís
go dtí an tobar. Do cuireadh "Siubhal na
n-Óigfhear" mar ainm ar an bhóthar ó'n bhán
go geata Chille cúile.



Tá cros-bhóthar an Leasa Dhuibh cois an
bháin úd, agus nuair do bhíodar na saighdiúiridhe
ag imirt i gCill cúile tá beagán bliadhan ó
shoin ann, thángadar cuid aca go dtí an chros,
chum Mainistreach Chille cúile do chosaint
i n-aghaidh námhad do bhí le teacht ó'n leith
thoir thuaidh, agus an fhaid do bhíodar ag fanacht,
tháinig Micheál Seartál go dtí an chros agus a
chú le n-a chois.



Do labhair ceann de na Caiptínibh le
Micheál, agus dubhairt.



"An bhfuil an cú so ciúin?" ar sé.



"Tá," ar Micheál.



Do bhréag an Caiptín an cú, act, níor
dhéin sé acht chromadh ar dhranntughadh,



"Ní maith leis dath do chulaidhe," arsa
fear againn.



"Chuaidh an cú abhaile, go luath, ina dhiaidh
sin.



"Maiseadh, ní maith le madraíbh Éireann
féin an dearg," ars' an Caiptín.



Dob' é sin Caiptín Pratt, (East Kents).
Do marbhadh 'san gcogadh ins an Aifric
theas é.



Innistear scéal eile.



Do bhí feirm agus bpáirt de'n Lios Dubh ar a
raibh Baile na Móna mar ainm ag fear a
bhí 'na chomhnuidhe ins an Úir Aird, agus dob'
é Páidín Ua Ríordáin a aodhaire ar an
fheirm sin. Do chuaidh a chuid caorach ar
seachrán lá amháin, agus do thriall Páidín ó n-a
thigh ag a dtóruigheacht. Do shiubhail sé roimhe
ar feadh an lae, agus ba dhorcha ceódhach do
bhí an lá úd. Ní bhfuair sé na caoirigh, na
scéala ortha, agus chuaidh sé féin ar strae. Ins
a' tráthnóna, um thuitim na hoidhche, tháinig
an duine ba mheasamhail dreach ag triall
air, agus do labhair sé:



"Dia dhuit, a Pháidín," ar sé.



"Dia 's Muire dhuit, a dhuine uasail," ar
Páidín.



"'Sdó, a Pháidín, táir ag tóruigheacht do
choda caorach, do chuaidh ar seachrán uait
indiu," ars an duine uasal.



"Táim, go deimhin, agus ní fhéadaim iad
d'fhagháil," ar Páidín.



"Maiseadh, tá an oidhche againn anois, agus
tar liom-sa, agus ná bíodh eagla ort ná go
dtabharfad suipéar agus leaba dhuit, agus b'fhéidir
go bhfuighir do chuid chaorach i mbáireach,"
ars an duine uasal.



D'á réir sin do chuaidh Páidín ina fhochair,
agus nuair do chuadar isteach 'sa' tigh, agus ba
mhór an teach é, dubhairt an duine úd le
Páidín:



"Suidh síos cois na teineadh agus ith do


L. 178


shuipéar, agus cuirfear leaba fút ar an urlár
annsain, agus beidh tionól againn annso anocht,
acht, ná bac-sa sinne."



Bhí Páidín 'na chodladh, agus do cuireadh an
tionól.



Ar maidin lá ar n-a bháireach, do dhúisigh
Páidín as a chodlaidh, agus fuair é fein ins an
lios, agus a bhríste fé n-a cheann.



PÁDRAIG UA CEARBHAILL.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services