Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bóthar an Mhaighre. (Amhrán ó Conntae an Dúin).

Title
Bóthar an Mhaighre. (Amhrán ó Conntae an Dúin).
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BÓTHAR AN MHAIGHRE.



Bhí me lá beag aereach
Ag dul Bóthar an Mhaighre,
'Sé chas damh an spéirbhean
As Conntae Lughmhaighe;
D'fhiosruigheas féin di,
Ag iarraidh téamfaidh,
An bpósfadh sí gréasaidhe
As Conntae an Dúin.



An Spéirbhean.
Tá tú ag pléideadh,
'S char bh'áil liom féin thú;
Cha rabh mo spéis ariamh
In bhar nDún;
Tá an t-arán daor ann,
'S char chleacht mé féin é;
Badh mhíle b'fhéarr damh
I gConntae Lughmhaighe.



An Gréasaidhe.
A chailleach tútach
De threibh na mbrúideadh
Nach dtuigeann súgradh
'S nach n-aithnigheann greann!
Cha rabh mise acht 'súgradh
'S cha n-olc liom diúltadh
'S a liacht sin cúilfhionn
Beag deas 'sa' Ghleann.



Bíonn min agus plúr ionn
Agus ubhla cumhra
I n-áit na gcrústa
Bhíos agaibh ann;
Nuair a bhéidheas na doirse dúnta
Ar dhruim an diúltaidh
Béidh fáilte dhúbalta
Síos fá'n Ghleann.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services