Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchas.

Title
Dinnseanchas.
Author(s)
Ó Séaghdha, Risteárd,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 152


DINNNSEANCHAS.



"CARRAIG SEAC."



Is fada mé ag cuimhneamh ar nóta beag do chur
chugat ar ainm Carrickshock (an áit 'n-ar tugadh an
"cath" mar gheall ar na deachmhaidhthibh), i n-aice le
Baile hUgúin, no Hugginstown, ar Shliabh Breathnach,
agus tá sé chomh maith agam a chur síos annso. Sgríobh
an Craoibhín "Carraig Seaca" agus tá daoine eile ann
adeir gur "Carraig Seabhac" an t-ainm. Ní chuala
riamh air acht "Carraig Seac." Tá sloinneadh daoine
i mBaile hUgúin gur ab ainm dóibh Seac i nGaedhilg,
agus Jackman i mBéarla, agus cé nach bhfuil a fhios agam-sa
má ba leó an charraig uair ar bith, 'sí mo thuairim gur
uatha fuair an charraig a hainm.



RISTEÁRD Ó SÉAGHDHA.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services