Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imroll Duibhraicthe

Title
Imroll Duibhraicthe
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Imroll Diubhraicthe
Duine tapaidh deisbhéalach dob' eadh Sydney Smith.
Bhí sé lá ar chlár phuiblidhe i láthair comhthionóil 'na
raibh gnó éigin feisireachta ar siubhal. Bhí fear ag
déanamh cainte thuas ar an gclár. Bhí fear éigin thíos
agus níor thaitn an chaint leis. Tharraing sé ubh lobhtha
as a phóca agus chaith sé leis an gcainteóir é. Níor
mhaith an t-urchar aige agus is é duine bhuail sé 'ná
Sydney Smith, a bhí ar a thaobh féin de'n phléidh. Bhí
ceisd agus náire air, agus chrom sé ar a leathsgéal
do ghabháil leis an nduine uasal a bhuail sé. "Ó,
gabhaim párdún agat! a dhuine uasail," ar seisean,
"ní leat-sa a chaitheas acht leis siúd."



"Is truagh," arsa Sydney Smith, "nár dheinis
caitheamh liomsa agus é siúd do bhualadh."



Peadar Ua Laoghaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services