Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Athchuinge.

Title
Athchuinge.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ATHCHUINGE.



Thárla ag Áird-
fheis na Bealtaine
seo ghabh tharainn
go ndubradh a lán
cainnte i dtaobh chúrsaí
"IRISLEABhAIR NA
GAEDHILGE." B'é brigh
na cainnte go léir gur cuireadh 'n-a luighe
ar an gCoiste Ghnótha gur cheart atharrach
araí do chur san IRISLEABhAR i dtreó go
gceannoghadh níos mó daoine é. I dtaobh is
nach beag linn a bhfuil de cháirdibh againn
cheana féin, is maith linn i gcomhnuidhe ar
lucht aitheantais do mhéadughadh.



Chuige sin do cheapadh orainne féin chum
eagarthóireacht an pháipéir seo do ghabháil ar
láimh. Táimíd ceaptha ar ár ndícheall do
dhéanamh, le congnamh Dé, chomh fada is do
théidheann ar n-acmhuin chuige, chum IRIS-
LEABHAR taithneamhach do thabhairt d'ár
gcáirdibh gach mí. Ní choigleogham ar
n-aimsir ná ár saothar san iarracht so, agus
maille le congnamh na ndaoine bhí muinn-
teardha linn riamh ní baoghal ná go mbeidh
an lá linn.



Táimíd ag iarraidh anois ar gach éinne
scríobhadh chugainn agus innsint dúinn cad ba
mhaith leis d'fheicsint san IRISLEABHAR,
caidé an t-atharrughadh is dóigh leis d'oirfeadh
dhó, nó cionnus is féidir, dar leis, ceannach
uirthi do mhéadughadh.



An mhí seo chugainn agus as soin amach beidh
an páipéar so dá dhíol ar thuistiún, agus mura
bhfuighidh gach éinne luach a thuistiúin ann, ní
lá fós é. Gheobhaidh éinne tríd an bpost go
ceann bliadhna é ar a ceathair is réal. Ní'l
a thuilleadh againn le rádh an turas so.



TADHG O DONNCHADHA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services