Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caitheamh an Ghlais.

Title
Caitheamh an Ghlais.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Ó Laoghaire, Pádraig
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CAITHEAMH AN GHLAIS.



Pádraig Ó Laoghaire do chuir a Béarla
i nGaedhilg.



A Pháid mo chléibh, an gcualais sgéala 'n
dlighe seo 'nois d'ar gcrádh? -
Ni leómhfaidh préamh de'n tSeamróig féin
i n-úir na h-Éireann fás!
Ar Gall nó Gaedheal má chítear craobh de'n
ghlas-luibh oidhch' nó lá,
Faoi ghlas go daor bheidheas lag is tréan go
gcuirfear iad chum báis.
Do bhuail liom, geárr d'éis dul tar sáil
dom, Napper Tandí treón,
'S do chroith se lámh liom féin ag rádh, "Bhfuil
nasg ar Éirinn fós?"
"Ní'l tír le fághail cómh lán de chrádh," ar
mise leis gan ghó,
"Óir crochtar mná is fir gan spás, má
chaithid glas an fhóid!"



"Má's éigean dúinn dath Sagsan dúr do
chaitheamh le n-ar saoghal,
Ní thabharfam cúl go bráth leó súd a d'fhúig
siad fuar is faon;
Cuir dhíot go ciúin an tSeamróg dhlúith is
cuir í 'rís sa chré
'S is geárr gur búch í 'fás 'san úir mar bhfuil
a dúil 's a réim.
'Nuair fhéadas dlighe a préamha chlaoidh 's
gach gas choiméad gan lúth,
Gan neart do shíor ag luibh 'sa tír a dath
thaisbeánt do'n tsúil,
'Seadh bhainfead díom an tSeamróg caoin
tá 'gam am cháibín súith,
Acht tráth go dtí sé sin chum crích', Ó caith-
fead í go súbhach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services