Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán an Bhríste Leathair (amhrán grinn fá ghléas).

Title
Seaghán an Bhríste Leathair (amhrán grinn fá ghléas).
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Laoide, Seosamh
Contributor
Ó Loingsigh, Conchubhair, Cúil Aodha
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAGHÁN AN BHRÍSTE LEATHAIR.



Gleas eb. Go haereach agus go mear. AMHRÁN GRINN.



I. Nuair a bhíos i dtúis mo shaoghail ag éirghe suas im' leanabh, Do
bhí orm greann gach éinne, mar budh mé peata 'n chean-a; Nuair (a)
bhíos ag éirghe 'sé idir a naoi 's a ceathair,
Bhí mo thóin d'á théidhe' ag sgeilp a' bhriste leathair.
Téir a léir a leágh, Téir a léir a leadí,
Téir a léir a leágh, Seaghán a' bhríste leathair.


L. 136


II.



Nuair a bhíos ag dul is na déagaibh, théidhinn imeasg na
bhfear ann;
Níor mhór dham fhéin 'na dhéid sin iompáil amach im'
ghaige;
Do bhíos ag suirghe le lady go raibh uirthi veil is bonnet;
Shaoileas go bhfaghainn gach aon bhean, ó bhí orm bríste
leathair.



Téir a léir, agus rl.



III.



Nuair a bhíos-sa bliadhain is fiche d'aos, sin é an uair
a ndeanfainn gaisge;
Ní iarrfainn acht naoi gciscéim chun dul de léim tar
geata;
Thógfainn sé leath-chéad le neart mo ghéag ó'n dtalamh,
'S b'é rádh gach spéirbhean óg, Dia led' bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.



IV.
Do bhí orm c'luith dheas éadaigh i n-iúil do rígh nó do
mharcus,
Casóigín deas bhréide agus bheistín ghléigeal phlainín,
Stoicín dubh-ghlas caorach agus bróigín Ghaedhealach
smeartha,
Agus haitín íseal Quaker agus smeig do'n bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.



V.



Chuadhas-sa lá go dtí an t-aonach suas ar fad go
standing;
Cia chífinn acht an chúilfhionn agus í 'ceannach ubhall agus
chrackers;
Chonnaic sí 'druideamhain léi mé agus thóg sí an veil d'á
bonnet,
Agus is cruinn do thug fé ndeara shape mo bhríste
leathair.



Téir a léir, agus rl.



VI.



Nuair a bhí an tráthnóinín ann go déidheanach agus sinn
chun teacht a bhaile,
Cia chífinn acht an chúilfhionn agus í 'iompáil orm 's ag
bagairt;
Do dhruid sí liom go dlúith, do labhair sí liom go
cneasda
Agus chuir sí nimh a súl i dtóin mo bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.



VII.



Do ghluais a hathair 's a máthair dh'á lorg ar fuaid na
mbailthe;
Fuaradh mise is Máire i dtigh an táibhirne, geallaim;
Nuair a fhágamar an áit sin, chuamar go tigh an
tsagairt
Agus fuaras baile 'stát do bhárr mo bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.



VIII.



Nuair a bhí na focail ráidhte agus sinn ag teacht a bhaile,
Do rug a hathair ar láimh orm(dh)om' fhásgadh le neart
ceana;
Dubhairt sé féin 's a máthair, dá mbadh leó 'stát an
mharcuis,
Ná faghadh aon fhear gó bráthach í acht Seaghán an bhríste
leathair.



Téir a léir, agus rl.



IX.



'S ar bhuille a chlog 'san oidhche thángamar go dtí an
chottage;
Ba ghairid dúinn 'na dhiaidh sin go ndeaghamar isteach
tar geata;
Ba bhinne liom ceól préachán i nid i mbárr na
gcranna,
Agus freestone ar an walk isteach ar fad go falla.



Téir a léir, agus rl.



X.



Do bhí an pórtaeir ann go dána i lodge ar sgáth an
gheata,
Bhí 'gus an buachaill stábla ag máirseáil a chuid
capall,
An cóisdeóir ann fé lása agus a lámha aca 'na hata
Agus iad go léir ag fáilthiughadh Seagháin an bhríste
leathair.



Téir a léir, agus rl.



XI.



Bhí an búistéir ann 's a chleaver dh'éis muc is mart do
ghearradh,
Do bhí 'gus an buitléaraidhe agus é 'cur faobhair ar
sgeana;
Bhí fios ar im chun téa aca agus d'éirigh bean an bhainne,
Agus nach éinne i n' oifig féin roime Sheaghán an
bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.



XII.



Bhí an garnóir ann 's a bhuscaod, a thurnapaí 's a
mheacain,
Sugarloaf an' kails, kidney-beans an' alons,
An laundry-maid 's an cócaire ag cur a gcroidhe
'mach le hallus,
'Fághail dínnéir i dtreó do Sheaghán an bhríste leathair.



Téir a léir, agus rl.



XIII.



Annsúd a bhí an dínnéar ab' áilne i n-iúil d'aon rígh
ar an dtalamh;
Bhí mór-uaisle go leór ann isteach ar fad tar baile,
Do bhí 'gus sagart na p'róisde, an bráthair agus an t-eas-
bog,
Agus iad go léir ag ól shláinte Sheagháin an bhríste
leathair.



Téir a léir, agus rl.



XIV.



Nuair a dh'itheamair ár ndóthain agus d'ólamar ár
n-acfainn,
Do seínneadh suas trí cheól do Sheaghán an bhríste
leathair;
Do rinnceas-sa le Máire agus is fheárrde bhuaileas talamh,
Agus bhíodar ag sgiotghail gháiridhe ag fuaim an bhríste
leathair.



Téir a léir, agus rl.



XV.



D'fhiafruigh an duine uasal díom cá bhfuaras an
bríste leathair;
D'innseas féinidh do gur ba chroiceann reath' í.
Ba néata cumadh an bhásta, an farm agus an fleapa
Agus ní'l aon locht(dh)e'n tsaoghal air acht a iosgada
bheith 'crapadh.



Téir a léir, agus rl.


L. 137


TAGRA.



Lady, .i. bean uasal. Veil, .i. brath. Bonnet, .i.
bairéad. Standing, .i. fód nó áit seasmha. Crackers,
.i. pléasgadóirí. Shape .i. cuma, cruth, déanamh.
Cottage .i. cró, bothán, coite. Freestone .i. cloch
ghainmhe. Walk .i. cásán, rianán. Pórtaeir .i. geatóir,
doirseóir. Lodge .i. tigh geata, lóisde. Cleaver, .i.
sgoilteóir, roinnteóir. Sugarloaf .i builín siúcra.
Kails .i. cabáisde, cóilis. Kidney-beans .i. pónairí
dubháin. Alons (almonds?) .i. almóinní. Laundry-maid
.i. bean nigheacháín. Bhásta .i. com. Farm : ní thuigim
é seo i gceart. Fleapa .i. cluas, sgiorta.



I. Is dócha go mbadh cheart "Bhí mo chorp, agus rl." do
rádh ins an cheathramhadh líne, ag gabáil an amhráin do
dhuine. II. Dham fhéin : is amhlaidh d'airigheas na focail
seo "'om péin," III. Spéirbhean óg : i n-ionad
"spéarmhná óige." IV. Féach gur de'n bhaininsgne
"casóigín," "bheistín" augs "bróigín" annso. V.
Druideamhain : b'fhéidir gur "druideamhaint" an
focal. VI. 'Iompáil .i. d'iompáil (d'iompódh)?
VII. 'Stát .i eastát? VIII. Go bráthach : 'sé mheasaim
gur cirte mar so é. IX. 'S ar bhuille : nó "'S ar a
haon." Liom: nó "leat." Falla : nó fala; ciaca
dhíobh is cirte? X. 'Na hata .i. 'na gcuid cinnbheirt;
tá "hata" gan athrughadh, XI. Téa :ní'l "tae" comh
maith de litriughadh leis seo. Nach : nó "gach."
XII. Gárnóir .i. garrdhanóir, garrdhadóir. XIII.
Tar baile: nó "thar baile." XIV. Sgiotghail =
sgiotaíl (sgiotaoil) do réir fuama. XV. Gur ba
chroiceann reath' í: b'fhédiir nach bhfuil an méid seo thíos
i gceart agam; is dóigh liom gurab ionann "reath'"
(reatha) agus reithe; ní minic "gur ba" d'á rádh i n-ionad
"gur." Do leigeadh ceathramha eile ar lár .i. ceann
do bhí idir VI. agus VII. Deir cuid aca i ndeireadh thiar
"Teít fa léir a leadí" (i n-ionad "Seaghán a' bhríste
leathair").



Do chuireas síos an t-amhrán so ó bhéal-aithris
Chonchubhair Uí Loingsigh i gCúil Aodha i mBaile
Mhúirne. Ní dóigh liom go bhfuil focal Béarla aige;
is fíor nár thuig sé cuid de na foclaibh Béarla atá
'san amhrán. Thugas an fonn liom go Binn Éadair,
mar ar chuir cailín óg atá 'na comhnaidhe 'sa' tsráid-
bhaile sin, .i. Máirghréad Ní Bhuain, síos é. - S. L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services