Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Paidir chum Naoimh Iósamh.

Title
Paidir chum Naoimh Iósamh.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Ó Laoghaire, An t-Athair
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

PAIDIR CHUM NAOIMH IÓSAMH.



Suas chugat-sa, a Iósaimh bheannuighthe,
iseadh fhéachamaoid i lár ár mbuadhartha, agus
ag éileamh cabhartha agus conganta dhúinn ar do
Chéile ró-uasal ró-naomhtha, iarraimíd le
lán-mhuinighin do chabhair-se agus do chongnamh
mar an gcéadna. As ucht an ghrádha sain
do aontuigh do chroidhe agus croidhe na h-Ógha
gan teimheal, naomh-Mháthar Dé, as ucht an
cheana ró-athaireamhail le n-ar ghlacais chugat
an Leanbh Íosa, iarramaíd ort go h-umhal
go bhféachfá anuas le truagh agus le taise ar
an gcineadh mbocht daonna so, oidhreacht
Íosa Críost a cheannuigh sé le n-a chuid fola
ró-naomhtha, agus go bhfóirfeá sinn i n-ár
gcruadhtan le neart do ghuidhe chum Dé
orainn.



A naoimh-fhir chosanta an Teaghlaigh Bheann-
uighthe, cosain-se clann dílis Íosa Críost
féin. O! a Athair dhil ghrádhaigh, coimeád a
bhfad uainn gach seachrán creidimh agus gach
peacadh truaillighthe. Táid cómhachta dorcha


L. 116


damanta ag cur orainn annso, ó ifreann.
A chabarthóir chomhachtaigh, cuir-se i n-ár
ndáil, le páirt agus le cumann, cabhair agus
congnamh ó neamh. D' fhuasglais tráth an
Leanbh Íosa féin ó ró-bhaoghal báis. Fuasgail
anois mar an gcéadna an eaglais bheann-
uighthe sin Chríost o chleasaibh a namhad agus as
gach cruadhtan. Fóir ar gach duine againn
le síor-chosnamh, ionnus go dtiocfadh linn,
led' chonghnamh-sa, agus led' dheagh-shompla,
beatha mhaith do chaitheamh ar an saoghal so,
bás naomhtha d'fághail ó Dhia, agus séan síorraidhe
do shealbhughadh na dhiaidh so ar neamh.



'Sé an t-Athair Peadar Ó Laoghaire do chuir an
phaidir seo a Béarla i nGaedhilg tá roinnt bliadhanta
ó shoin. Ní baoghal ná gur deas an clódh nó an chuma
'n-ar chuir sé í. Tá a lán de phaidreachaibh Béarla nach
í nár cuireadh i nGaedhilg fós; má's fíor dúinn sin,
ní ceart iad d'fhágáil ar an gcuma sain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services