Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Géaga Geinealaigh ar nós nua.

Title
Géaga Geinealaigh ar nós nua.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ní Anluain, Eibhlín. Drummullagh, Omeat
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GÉAGA GEINEALAIGH AR NÓS NUA.



De na Luimnigh mo mháthair; bhí siad árd
ionnta féin. Aodh Luimneach athair mo
mháthar agus Tardhalbhach Luimneach gáid mór mo
mháthar agus Tardhalbhach Luimneach a ghaididh
sain aríst agus Parra Luimneach a ghaididh sain
aríst agus Feidhlimidh Luimneach a ghaididh sain
aríst agus Tomás Luimneach a ghaididh sin
aríst agus sin a' fad is thig liom-sa dul ins a'
rása. Tógadh iad ins na sean-bhallaí sin
thíos.



Thainic mo ghaididh anuas ó'n Tulaigh - ó
Léanaidh an Bhádhbhdhuin - [sin] Peadar Dubh
Ó hAnluain, agus Séamas Dubh a bhí (ionn) i
n-athair mo ghaididh agus Peadar O hAnluain a
bhí ar athair Shéamuis Duibh agus Feidhlimidh
O hAnluain a bhí ar a athair sain aríst agus
Brian O hAnluain a bhí ar a athair sin aríst
agus sin a' fad a thig liom a dhul air sin. Bhí
siad 'na gcomhnaidhe uile-go-léir i n-Árdach'.
As Cill a' Chaoil a thainic móirí mo ghaididh.
Thainic muintir m'athara as Ard-Mhach' seacht
gcéad bliadhain ó shoin agus thainic muintir mo
mháthara as Luimneach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services