AMHRÁN Ó'N nGAILLIMH.
I dtigh na mbocht i nGaillimh chuala mé sean-
bhean ag gabháil an amhráin seo coicigheas ó
shoin. Bean dall an-aosda bhí innte acht ní
misde a rádh go raibh guth maith aici. Ní
raibh a fhios aici cé hé do sgríobh. Tá Eanach
Cuain i nIarthar Chonndae na Gaillimhe.
Ú. ní Fh.
Má fhaghann sibh sláinte béidh caint agus trácht
Ar an méid a báthadh i n-Eanach Cuain
Lá go breagh leis gan gaoith, gan báisteach
Bhí lán an bháid aca agus sguabadh an siubhal
(seól?).
Briseadh bád orra agus sgap na daoine (í?)
A's d'imthigh na caoirigh amach 'sa' snámh;
Tógadh a bhaile iad gur dearnadh síneadh
Bhí aon fhear déag ann agus ochtar mná.
Bhí na buachaillí óga ann a dhéanfadh cliath
agus céachta
Bhainfeadh braonradh agus chraithfeadh síol
Bhí na mná gá réir ann a dhéanfadh 'ch aon ní
A shníomhfadh bréidín agus anairt chaoil.
A Mháire Ní Ruadháin, a chailin phéacaigh
An bhrollaigh ghlé-ghil a bhí 'san áit
Nuair do shíl tú do lámhaí shéanadh
Go rug na mná ort i bhfus agus thall.
Bhí turkey-red uirri go togha i n-éadaigh
Caipín léas agus ribín bán
D'imthigh ar maidin go moch Dia Céadaoin
Ag dul ar an aonach go Cnoc an Duláin.
A Mhichil Mhic Chathail, ba tú an chraobh chóirigh'
Ar bhuachaillíbh múintí dhá raibh 'sa tshaoghal
Acht cuirim-se mo bheannacht leat go ríoghacht
na glóire
Le bheith treóruigh'e i n-eólas duit go
flaitheas Dé.
A Jackey Cosgaire, mo chúigh céad slán leat:
Ba tú an mac ba bhreagha d'oil bean ariamh
Gur fhág tú do mháithrín tinn lag breóite
Ag sileadh na ndeóraí go dtéidh sí 'sa
gcill.
Liachta coisméag an fhad do shiubhal tú
Ó Lúnduin go Béal Trágha
'S gur shíl do mháthair, ghá mbáidhtí céad fear,
Go dtiúbhrá an sway leat a bhaile slán.
Tom Uí Fhearghail, diomadh Dé dhuit:
Is iomdha cailín spéireamhail chuir tú chum
báis
Le do shean-bhád bhí lobhtha pléascuighthe
Ag dul go haorach go Cnoc an Duláin.
Tolladh cléibhe agus losgadh sléibhe
Ar an áit ar éagadar agus milleán cruaidh:
Gur'b é críochnughadh an chomhráidh gur báthadh
mórán
A d'fhág an dólás ar Eanach Cuain.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11