Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rainn Uí Néill agus an Dálaigh.

Title
Rainn Uí Néill agus an Dálaigh.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mac Devitt, Anthony (Antoine Mac Daeid)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RAINN UÍ NÉILL AGUS AN DÁLAIGH.



Thainic Ó Néill as Condae an Chláir le
gnaitheamh 'inns'eir Dhálach Dhúin na nGall.



"Cia shloinneadh thú?" ars' an Dálach.



Cha dtug an Dálach faill dó a sgéala
'innse go dtí gur fhiosruigh sé dó c'ainm a
bhí air féin agus c'ainm a bhí ar a athair agus c'ainm
a bhí ar an áit i rabh se 'na chomhnaidhe.



Bhí siad 'na gcomhnaidhe i gCill Choc. Níor


L. 104


thuirlinn sé do'n bheathach go dtí go dtearn
an Dálach an rann so air:



Is fada go ndeána tú creach
Nó go marbha tú mart in do thír fhéin,
Uaid a' diabhal as Cill Choc,
A mhic Bhriain bhocht Uí Néill.



Nuair adubhairt an Dálach an rann, d'fhios-
ruigh Ó Néill dó an leigfeadh seisean dó-san
rann a dheanamh agus dubhairt an Dálach go
leigfeadh. Thoisigh Ó Néill annsin agus dubhairt
sé an rann so:



Bhí fiú, a mhic Aodha, ó budh é do chuid;
Ar mhéad m'anama is maith a chuaidh a'
ballán dealbháin dhuid;
Is minic a shuidh tú i ngábhadh i ndorus
Beárnaidh na meannán,
A' troid leis na gabhair fá n-a gcloinn,
A Mhic Uí Dhomhnaill ó'n deilbh.



Nuair adubhairt sé an rann, dubhairt an
Dálach go muirbhfeadh sé é. Dubhairt Ó
Néill:



"Bheirim do dhubhshlán!"



Bhí Ó Néill ag marcaigheacht ar ghearrán
dhubh a rabh bundún air agus thairngeadh se a anál
ar a thóin.



Sgairt an Dálach annsin ar a ghiománach
is d'órduigh sé dó an dá bheathach ab' fheárr a
bhí ins an stábla thabhairt amach, agus lean se
d' Ó Néill gur chuir siad amach as Condae
Liathdroma e.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services