Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht Úr-Nua. Dán-mholadh an t-Suláin.

Title
Filidheacht Úr-Nua. Dán-mholadh an t-Suláin.
Author(s)
Ó Laoghaire, Dómhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 74


DÁN-MHOLADH AN t-SULÁIN.



Ní ró-mhaith an aithne tá agam go dtí so
Ar an abhainn bhreágh aoibhinn ar a nglaodh-
aid an Sulán
Do ritheann gan mhairg tré Bhaile-Mhic-Aoire
'S ná stadann do'n Laoi thoir do ghlacann
í lán;
Go Poll-na-bró nuair a thagaim lem' ghasra
ghroidhe-fhear
Chum na mbradán breágh gheala do tharrac
lé líonta as,
Cuirim triúr díobh ag faire ar Dhochtúir Ua
Luíngsigh
Do thabharfadh trí mhí dham, dá bhfeicfeadh
sé an t-ár.

Mar a n-éirigheann an abhainn seo i bhfad ó
Chúil Aodha siar
Cloisim gur caol-ghlaise í i bhfoirm
srutháin;
Meaduigheann sí i n-acfainn, i leithead 's
i dtréine
Tré innseacha réidh-ghlasa síos go Brothán.
Is 'mdha taoiseach fial fairsiog 'na gcomh-
naidhe ar gach taobh di,
Go bhfuil a ngníomhartha agus a n-ainm ró-fhada
le léigheadh dhíbh,
Thugann lóisdín, biadh agus leabaidh do bhochtaibh
na hÉireann,
'S is saidhbhir fad-saoghalach iad ar bhruach
an t-Suláin.



Gach féile mar thagann cruinnuighid na
céadta ann
'Sa teampaillín néata ós cionn an
t-Suláin,
Ag guidhe chum na bhFlaitheas agus chum Gobnait
Naomhtha
Go mbeadh sos aco agus faosamh ó thinneas a
gcnámh.
Is 'mdha treighid tinn 'gus deacair agus peann-
aid dá ghéire
'S máirtínigh laga gan tapa gan téagar
D'fhágann a ngalar gan bhladar na ndéidh
ann
Agus rithid lé chéile ar fad síos go Sulán.



Go Baile Múirne nuair thagaim, lé cuid-
eachta ag aéridheacht,
Bíonn sult agus pléisiúr ann againn lé
fághail
Siar chum an Mhuilinn agus croinn choille ar
gach taobh dínn
Agus trom-thoradh ar ghéagaibh ag lúbadh
go bán.
Go Tigh-an-Ósda nuair thagaim chum mo
chapaill do ghléasadh,
Bíonn fáilte agus dachad rómham, fairsinge agus
féile,
Agus feóirling ní ghlacfadh mo chara Ó
Laoghaire uaim -
Nára' fada gan chéile é ar bhruach an
tSuláin.



Cia do nách aithnid an faraire croidheamhail
sin,
Dochtúir Ua Luínsigh thuill gradam agus cáil?
Tá árd-léigheannta agus gasda i dteangain a
thíre
'S 'na bhreitheamhain cheart dhíreach ins gach
ionad le fághail,
Duin' uasal dearbhtha d'easgair a taoisigh
Go bhfuil a phóca 's a spaga ar leathadh do
mhíltibh
Chum na Gaedhilge bínn' blasda do sgaipeadh
'sa tír seo -
Gura' fada buan, buidheanmhar é ar bhruach
an tSuláin.



Ná cáinidh-se mise mar táim-se pas críonna,
Mo cheann liath le h-aois agus mé críonna
tar bárr,
'S gur d'fhonn na Gaedhilge do spionnadh agus
do sgaipeadh 'sa tír seo
Do sheasuighim air bhínse ag rádh focail
'na páirt;


L. 75


Creididh mo labhairt go ngealann mo chroidhe
díbh,
'Dir shean-fhear agus ainnir mhodhamhail mhais-
eamhail mhíonla,
'S mo shláinte nár mheathaidh go gcastar
arís mé
I bhfarradh an gcuideachtain aoibhinn seo
ar bhruach an tSuláin.



(Críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services