Banba. Féil Phádraig, 1902.
Tá an dara cuid de Bhanba os ar gocmhair. Is maith
an chuid í. Ta árd-mholadh tuillte ag Conall Cearnach
i dtaobh a "Fhabhail-sgéil." Tá an sgríbhinn sin curtha
le chéile go han-deas, idir ghreann agus fírinne. Amannta
is doiligh a rádh cia aca atá ann. Is dócha gur greann
do thug air cur síos ar "an inchinn ádhbhul-mhór atá
suidhte idir dhá luidh mo chloiginn," acht 'san am
gcéadna is fíor dó é, mar is deimhin go bhfuil a leithéid
aige. Ní dócha gur d'á mholadh féin daríribh do bhí sé,
acht munab eadh féin, tá sain déanta aige agus gan ann
acht lom fírinne. B'fhéidir go dtiocfaidh fós an lá
ar ar thrácht sé; tháinig rudaí eile chum críche dob'
aistighe 'ná é.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11