Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oisín.

Title
Oisín.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 44


Oisín cct.
[agus an fuacht ag cur air.]



I.



Is fuar geimhreadh, adracht gaoth,
Éirghidh damh díscir dearg-bhaoth;
Nocha te anocht an sliabh slán,
Gé bhiadh damh dian ag dordán.



II.



Ní thabhair a taobh re lár
Damh Sléibhe Cairn na gcomhdhál;
Ní lugha atchluin ceól cuaine
Damh cinn Echtghe innfhuaire.



III.



Mise, Oisín, is Diarmaid Donn,
Agus Osgar áigh éadtrom,
Ro éistimís re ceól cuaine
Deireadh oidhche adhfhuaire.



IV.



Is maith chodlas an damh donn,
Fuil is a chneas re Corann,
Mar do bheith fá Thuinn Tuaidhe
Deireadh oidhche indfhuaire.



V.



Indiu, is mé im' sheanóir sean,
Ní aithnighim acht beagán fear;
Ro chraithinn coirrshleagh go cruaidh
I dtearmann Oighre indfhuair.



VI.



Atlochar do Rígh neimhe,
Do Mhac Muire inghine;
Do bhéarfainn mór socht ar sluagh,
Gé bear anocht go hadhfhuar.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services